Contrabhanna ar luach beagnach €345,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath, i Lár Tíre agus i Ros Láir
Le linn na seachtaine dar tús 13 Eanáir 2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta de bheagnach €345,000 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre agus i Ros Láir. Is mar thoradh ar phróifíliú riosca a aimsíodh an méid seo a leanas:
- 14 kg de channabas luibhe, ar luach measta de €278,400
- táirgí tobac éagsúla ar luach measta de €14,363
- drugaí aindleathacha éagsúla, ar luach measta de bheagnach €1,550
- agus
- 292 earraí góchumtha, ar luach measta de bheagnach €50,000.
Aimsíodh an cannabas luibhe agus drugaí aindleathacha éagsúla, le cúnamh ón madra brathadóir Sam nuair a bhí oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim i mbun cuardaigh ar bheartáin in áitribh i mBaile Átha Cliath agus i Lár Tíre. Aimsíodh na drugaí aindleathacha taobh istigh de beartáin a tháinig ón bhFrainc, an Iodáil, an Téalainn, na Stáit Aontaithe agus an India. Bhí na beartáin beartaithe le haghaidh seoltaí éagsúla ar fud na tíre. Chomh maith le sinn, rinneadh ceithre airm a idircheapadh i bpacáistí a tháinig ó Phoblacht na Seice.
Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla. Is ionann na táirgí tobac éagsúla caillteanas poitéinsil de €11,000 don státchiste. Gabhadh na táirgí tobac nuair a chuardaigh oifigigh beartáin in áitreabh i Lár Tíre. Urghabhadh alcól freisin, ar luach measta de €585.
Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 21/01/2025]