Eolas tábhachtach dóibh siúd a bhfuil tionchar diúltach ag Stoirmeacha Éowyn agus Herminia orthu

Tuigeann na Coimisinéirí Ioncaim gur chruthaigh na teagmhais aimsire eisceachtúla le laethanta beaga anuas deacrachtaí do go leor daoine, agus tuigeann siad gur féidir leis an gcur isteach seo tionchar a imirt ar chomhlíonadh cánach tráthúil.

Oibreoidh na Coimisinéirí Ioncaim leis na cáiníocóirí agus gnóthaí sin a raibh tionchar diúltach ag Stoirmeacha Éowyn agus Herminia orthu, lena chinntiú gur féidir le taifid mhaithe chomhlíonta fanacht ar an mbóthar ceart in ainneoin an chur isteach a rinneadh.

Ag labhairt dó inniu, 27/01/2025, dúirt an tUasal Joe Howley, an tArd-Bhailitheoir:

“D'fhéadfadh tionchar a bheith ag na stoirmeacha le déanaí thar an deireadh seachtaine ar cháiníocóirí agus ar ghnóthaí ar bhealaí éagsúla, agus tuigimid gur am buartha é seo dóibh siúd atá thíos leis.

Beidh na Coimisinéirí Ioncaim pragmatach ina chur chuige nuair a cuireadh moill ar cháiníocóirí nó ar ghníomhairí tuairisceáin a thíolacadh mar gheall ar shaincheisteanna nascachta idirlín a thagann chun cinn mar thoradh ar dhamáiste a rinne an drochaimsir le linn an deireadh seachtaine.

Tá cuntas teiste cruthaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le socruithe íocaíochta solúbtha a chomhaontú go rathúil sa chás go bhfuil deacrachtaí sealadacha sreafa airgid ag cáiníocóirí agus gnóthaí, agus oibreoimid leo siúd a ndeachaigh na stoirmeacha le déanaí i bhfeidhm orthu chun a gcúinsí airgeadais agus a gcumas íoc san áireamh.

Our advice to taxpayers and businesses impacted by the disruption caused by Storms Éowyn and Herminia is to contact the Collector-General’s office once their circumstances allow, to agree mutually suitable arrangements to restore timely tax compliance.”

Féadtar fáil i dteagmháil le h-oifig an Ard-Bhailitheora na gCoimisinéirí Ioncaim ar 01 738 3663, nó trí M'Fhiosruithe.