Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Ar 11/03/2025, d’fhoilsigh na Coimisinéirí ioncaim liosta na mainnitheoirí cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig 2024. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse 31 Nollaig 2024. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar Phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 amháin é iomlán na cánach) agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:

  • Bhí 4 chás den chineál seo sa tréimhse 3 mhí go dtí 31 Nollaig 2024 agus €2,150,406 méid iomlán an phionóis arna ghearradh ag an gCúirt.

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta

  • Tá 46  cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €99,892 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

Áirítear ina measc siúd:

  • 5 cás inar loiceadh tuairisceán/tuairisceáin Chánach Ioncaim a thíolacadh, 2 chás inar loiceadh tuairisceán/tuairisceáin CBL a thíolacadh, 1 chás inar loiceadh CBL a íoc, agus 1 chás inar seachadadh tuairisceán/tuairisceáin mhíchearta Cánach Ioncaim, ar gearradh fíneálacha Cúirte arbh fhiú €11,500 san iomlán iad ina leith. Gearradh pianbhreith d'fhaid éagsúla mar seo a leana freisin:
    • 3 phianbhreith príosúnachta 20 mí (le 13 mhí ar fionraí), agus
    • 1 phianbhreith príosúnachta bliana amháin,
  • 10 gcás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, agus 1 chás d'ola ar díol nár gearradh cáin uirthi, ar gearradh fíneálacha Cúirte arbh fhiú €43,500 san iomlán ina leith, agus pianbhreith amháin 60 uair an chloig de sheirbhís phobail in ionad fíneála.
  • 20 cás a bhain le coireanna máil as ucht smuigleáil tobac, díol mídhleathach tobac, agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol, ar gearradh fíneálacha Cúirte arbh fhiú €38,527 san iomlán iad ina leith. Gearradh pianbhreith d'fhaid éagsúla mar seo a leana freisin:
    • 1 phianbhreith príosúnachta 2 bhliain ar fionraí go hiomlán,
    • 1 phianbhreith príosúnachta 1 mhí, ar fionraí ar feadh 1 bhliain,
    • 2 chás de 240 uair an chloig seirbhíse pobail, in ionad príosúnacht 2 bhliain, agus
    • 2 chás príosúnachta 18 mí (le 10 mí ar fionraí).
  • 4 chás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú agus 1 chás ina raibh seilbh ar fheithicil neamhchláraithe, agus gearradh fíneálacha de €5,115 san iomlán.
  • 1 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar gearradh fíneál Cúirte dar suim €1,250 ina leith

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • Tá 28 cás á fhoilsiú inniu agus is é €6.9 milliún iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo. 
    • 8 gcás níos lú ná €100,000,
    • 17 gcás idir €101,000 agus €500,000,
    • 2 chás idir €501,001 agus €1,000,000, agus
    • 1 chás níos mó ná €1,000,000.
  • Bhí 8 gcás nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Nollaig 2024. 
  • Is í €3,003,362 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Nollaig 2024. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht 

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim.  Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Nollaig 2024, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 15,822 d’Idirghabhálacha Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €117,625,858 orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach