Clár Iontaobhais
An Clár Lárnach um Úinéireacht Iontaobhais (CLÚTI)
Faoin reachtaíocht um fhrithsciúradh airgid, iarrtar ar gach Ballstát den AE Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI) a bhunú.
Is é cuspóir CLÚTI cúnamh a thabhairt le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc trí thrédhearcacht a fheabhsú maidir le:
- cé hiad na daoine ar leo iontaobhais in Éirinn
- agus
- cé hiad na daoine a rialaíonn iontaobhais in Éirinn.
Tá dualgas dlíthiúil ar iontaobhais faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chlárú taobh istigh de shé mhí ó chruthú na n-iontaobhas.
I gcás iontaobhais a bunaíodh ar an 23 Aibreán 2021 nó dá éis, an spriocdháta chun clárú a bhí ann ná 23 Deireadh Fómhair 2021.
Féadfaidh iontaobhaithe, nó a ngníomhairí, a gcomhairleoirí nó a bhfostaithe, clárú ar an tairseach ‘Clár Iontaobhais’ ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Féadfaidh tíolaiceoirí aonair nach bhfuil uimhir chlárúcháin chánach gnó acu clárú ar moChúrsaí.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar seo féach an rannán sonraithe ar CLÚTI.