Iontaobhais is gá clárú agus díolúintí áirithe
Neamhchónaitheoirí
I gcás iontaobhais nach bhfuil aon duine de na hiontaobhaithe cónaitheach san Aontas Eorpach (AE) agus nach riartar an iontaobhas san AE, ní mór clárú leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI):
- má dhéanann iontaobhaí caidreamh gnó sa Stát thar ceann an iontaobhais
- nó
- má fhaigheann iontaobhaí talamh nó maoin eile sa Stát in ainm an iontaobhais.
Beidh feidhm aige seo chomh fada agus atá an méid seo i gceist:
- go bhfuil an caidreamh gnó ann
- nó
- go leanann an talamh nó an mhaoin de bheith i seilbh iontaobhaí in ainm an iontaobhais.
Ba chóir fiosruithe maidir le clárúcháin a thíolacadh ar NonResCRBOT@revenue.ie.
I gcás iontaobhas atá cláraithe cheana féin sa Ríocht Aontaithe le Coimisinéirí Ioncaim agus Custam na Banríona (HMRC), ní mór dóibh clarú ar an CLÚTI má chomhlíonann siad ceachtar de na critéir thuas.
Tabhair do d'aire
Ciallaíonn 'caidreamh gnó' caidreamh gnó, gairmiúil nó tráchtála idir duine ainmnithe a cháilíonn chun críocha frith-sciúradh airgid, agus a gcustaiméir. Ní mór don duine ainmhithe a bheith ag súil go mbeidh an caidreamh seo ar siúl.
Ní mór d'iontaobhaithe neamhchónaitheacha AE a bhfuil caidrimh ghnó nó maoin acu i níos mó ná Ballstát (MS) amháin cláraitheoir deimhnithe MS a fháil:
- ina ndéanann iontaobhaí caidreamh gnó in Éirinn thar ceann an iontaobhais
- nó
- go bhfaigheann iontaobhaí talamh nó réadmhaoin eile in Éirinn in ainm an iontaobhais
- agus
- go dtíolacann an t-iontaobhaí an fhaisnéis ar Chlár Lárnach i mBallstát eile
- agus
- go bhfuil an fháisnéis mar an gcéanna leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a thíolaic ar an CLÚTI (seachas an Uimhir Seirbhíse Poiblí Pearsanta (UPSP)).
Ba chóir a lua sa deimhniú gur thíolaic an t-iontaobhaí an eolas ar an gClár Iontaobhais Deimhnithe sa MS sin. Ní mór an deimhniú seo a bheith ar fáil lena scrúdú.
Cén chaoi le d’iarratas a thíolacadh
Féadann custaiméirí nó a n-ionadaí (láithreoir) iarratas ar chlárú iontaobhais neamhchónaitheacha a thíolacadh. Iarrfar ar iarratasóirí sonraí ábhartha a chur ar fáil ionas gur féidir leo foirm iarratais a íoslódáil agus a thíolacadh.
Déantar na sonraí atá ag teastáil a rangú i dtrí rannán:
- Sonraí iontaobhais (ainm agus cineál an iontabhais), seoladh and sonraí teagmhála an té atá ag tíolcadh.
- Fíorú i leith seoladh ríomhphoist an t-iarratasóra.
- Déan teimpléad an úinéara thairbhiúil agus doiciméid tacaíochta eile a uaslódáil.
Féadtar iarratas a thíolacadh ar an Tairseach clárúcháin iontaobhais neamhchónaitheach.
Nuair a iarratasóir a sheoladh ríomhphoist a bhailíochtú, beidh siad in ann an teimpléad Sonraí úiréireachta tairbhiúla a íoslódáil.
Ar aghaidh: Socruithe eisiata