Impleachtaí CBL ar thrádáil leis an mBreatain Mhór
Scéim Easpórtála Miondíola
Faoin Scéim Easpórtála Miondíola, ceadaítear do thaistealaithe atá cónaitheach taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) Cáin Bhreisluacha (CBL) a aiséileamh i leith earraí a ceannaíodh in Éirinn agus a tógadh amach as an AE. Aiséilítear an CBL ó dhíoltóir na n-earraí nó ó na gníomhaireachtaí ag gníomhú thar a gceann.
Más mian leat iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh faoin Scéim Easpórtála Miondíola:
- ní mór duit a bheith cónaitheach taobh amuigh den chomhphobal
- agus
- ní mór do luach na n-earraí cáilitheacha a ceannaíodh i ngach ionad miondíola a bheith níos mó ná €75 (le CBL san áireamh).
Maidir le hearraí a easpórtáiltear chuig an mBreatain Mhór (GB), i gcúinsí áirithe, iarrfar ar chruthúnas ar iompórtáil isteach sa Bhreatain Mhór agus aon dleachtanna agus cánacha iompórtála a íocadh.
Ar aghaidh: Simpliúcháin an Aontais Eorpaigh (AE)