Impleachtaí CBL ar thrádáil leis an mBreatain Mhór

Impleachtaí CBL ar earraí

Má dhéanann tú trádáil leis an Ríocht Aontaithe (seachas earraí a thrádáil le Tuaisceart Éireann), beidh feidhm ag na rialacha trádála le tír neamh-Aontais Eorpaigh (AE).

Tabhair do d’aire

Caithfear le Tuaisceart Éireann (TÉ) mar Bhallstát AE maidir le Cáin Bhreisluacha (CBL) ar earraí. Ní caitheadh le TÉ mar Bhallstát chun críche CBL ar sheirbhísí.

Ciallaíonn sé seo:

Tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú suas le forbairtí sa reachtaíocht CBL sa Ríocht Aontaithe. D’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar na forbairtí seo go mbeidh riachtanas ann clárú le haghaidh CBL sa Ríocht Aontaithe nó sonraí díolacháin a thuairisciú do Choimisinéirí Ioncaim agus Custam an Rí (HMRC).

Tá eolas faoi chlárú le haghaidh CBL ar fáil in:

Tabhair do d’aire

Ní theastaíonn uimhir CBL chun cur isteach ar uimhir Chláraithe agus Aitheanta Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI).

Cuntasaíocht iarchurtha ar fáil anois i leith CBL ar iompórtálacha do gach trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trádálaithe nach gcomhlíonann coinníollacha agus riachtanais áirithe a eisiamh ón scéim seo a úsáid. 

Bíonn idirbheart CBL-neodrach i gceist do thrádálaithe a iompórtálann earraí isteach go hÉirinn mar thoradh ar Chuntasaíocht iarchurtha  Ní gá do thrádálaithe CBL a íoc ag tráth na hiompórtála. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Cuntasaíocht iarchurtha.

Má tá tú ag easpórtáil go hÉirinn ó thríú tír, go hiondúil níl sé riachtanach a bheith cláraithe le haghaidh CBL in Éirinn.

Tabhair do d’aire

D'fhonn cuntasaíocht iarchurtha a úsáid, ní mór cóid áirithe a chur isteach ar dhearbhuithe iompórtála. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Payment of Import Duties for UK Imports.

Ar aghaidh: Scéim Easpórtála Miondíola