CIU V2 (Aguisín Athbhreithnithe B) agus Imréiteach Láraithe Céim 1 agus Céim 2

Conas do ghnó a ullmhú do na hathruithe

Bogearraí Custam

Féadtar tíolacadh teachtaireachtaí go dtí CIU agus CCI na gCoimisinéirí Ioncaim a dhéanamh trí:

  • do bhogearraí custam féin atá forbartha go hinmheánach agus a bhfuil tacaíocht inmheánach agat dóibh a úsáid
  • trí bhogearraí custam curtha ar fáil ag soláthraí córas seachtrach.

Tá sé tábhachtach a bheith eolach maidir le:

  • hábhar agus struchtúr na ndearbhuithe nua, lena n-áirítear na heilimintí sonraí
  • cineálacha nua teachtaireachtaí agus liostaí cóid
  • uimhreacha nua teachtaireachtaí
  • agus
  • formáid nua le haghaidh teachtaireachtaí atá ann cheana féin.

Má fhostaíonn tú gníomhaire custaim chun do gnásanna custam a bhainistiú, ba chóir duit a chinntiú go bhfuill bogearraí do ghníomhaire in ann dul i ngleic leis an CIU agus an CCI.

Teachtaireacht thábhachtach

Mar thrádálaí, ba chóir duit do chuid ullmhúcháin a thosú go luath chun a bheith réidh nuair a théann na córais seo beo. Tá sonraíochtaí foilsithe, anois an t-am le dul i dteagmháil le do sholáthraí bogearraí lena chinntiú go bhfuil do chórais uasdátaithe. Cuirfear ár dTástáil Comhéadain Phoiblí (PIT) ar fáil le haghaidh tástála i Ráithe 1 de 2025.

Ar aghaidh: Cén athruithe atá le teacht faoin nuashonrú CIU V2 agus Tabhairt Isteach CCI