Seirbhís tacachumais Custam
Ní mór gach malartú faisnéise custam idir na Coimisinéirí Ioncaim agus trádálaithe a dhéanamh trí theicnící próiseála sonraí leictreonaí. Féadann sé seo a bheith dodhéanta ar bhonn sealadach má loiceann córais ríomhaire na gCoimisinéirí Ioncaim nó an trádálaí. Nuair a tharlaíonn sé seo, féadtar an malartú faisnéise a chur i gcrích i bhformáid nach formáid leictreonach í, ar a dtugtar 'tacachumas’.
Is é tacachumas an próiseas trína ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim earraí a imréiteach de láimh le haghaidh iompórtála nó easpórtála i gcás ina dtarlaíonn cur isteach ar an gcóras leictreonach. Níor chóir tacachumas a úsáid ach amháin i leith lastaí a theastaíonn scaoileadh tapa uathu. Ba chóir do thrádálaithe leanúint orthu ag tíolacadh dearbhuithe custam ach féadfaidh sé nach bhfaigheadh siad teachtaireacht freagartha.
Féadfaidh sé go mbeidh ar thrádálaithe sonraí a Máistir-Uimhir Thagartha (MUT) nó doiciméid eile a thíolacadh do Chustaim. Féadfaidh sé go mbeidh sé riachtanach do Chustaim scrúdú iomlán a dhéanamh ar na hearraí sula bhféadtar iad a scaoileadh.
Faoi socruithe tacachumais ní mór do trádálaithe a chinntiú go bhfuil earraí atá faoi réir seiceálacha ag na gníomhaireachtaí seo a leanas curtha i láthair le haghaidh scrúdaithe:
- An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM)
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
- nó
- aon údarás rialála éile.
Ní mór do trádálaithe a bheith in ann fianaise (ceadúnais nó deimhniú) a sholáthar do Chustaim chun a thaispeáint go ndearnadh na seiceálacha.
Cén chaoi leis an tseirbhís tacachumais a úsáid
Cuireann an Deasc Chabhrach ríomh-Chustam seirbhís 24 uair an chloig ar fáil. Más mian leat an tseirbhís tacachumais a úsáid, ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Chabhrach ríomh-Chustam. Cuir an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:
- Aitheantas Idirbhirt - Is é Aitheantas Idirbhirt ná 36 carachtar ar fhad comhdhéanta d'uimhreacha, litreacha (i gcónaí i gcás íochtair) agus daiseanna (-)
- agus
- an chúis a bhfuil iarratas ar thacachumas á dhéanamh agat.
Luan go hAoine 09.00 go 17.00
Uimhir fóin (oscailte 09.00 go 14.00):
(01) 738 3677
Ríomhphost: ecustoms@revenue.ie
Seirbhís taobh amuigh d’uaireanta oibre
Tá an tseirbhís seo á hoibriú ó 17:00 go 08:00 Luan go hAoine agus 24 uair le linn an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí.
Ríomhphost: ecustoms@revenue.ie
Uimhir fóin:
(086) 6002423