Céard é an Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU)?

Léargas ginearálta

Is é an Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) córas náisiúnta iompórtála leictreonach na gCoimisinéirí Ioncaim. Láimhseálann CIU bailíochtú, próiseáil, cuntasaíocht dleachta agus imréiteach dearbhuithe custam.

Tá CIU mar chuid de shraith córais a thug na Coimisinéirí Ioncaim isteach mar chuid den chlár oibre TF. 

Cinntíonn CIU go bhféadann gnóthaí earraí a iompórtáil go dlíthiúil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) ag baint úsáide as an bpróiseas is éifeachtaí atá ar fáil.

Ar aghaidh: An chaoi le do ghnó a shocrú suas chun CIU a úsáid