Córas Nua Ríomhairithe um Idirthurais - Céim 5 (CNRI–C5)
Céard atá tar éis athrú faoin CNRI–C5?
CNRI–C5:
- Tá tacar sonraí nua ann don dearbhú idirthurais, mar atá sainithe faoi Chód Custam an Aontais. Cé gurab ionann formhór an eolais a theastaíonn chun do dhearbhú idirthurais a chomhlánú agus na sonraí a úsáidtear in CNRI–C4, tá roinnt eilimintí sonraí nua i gceist. Tá sonraí ar fáil sa CNRI-C5 message structures document.
- Leis seo, féadtar do dhearbhuithe idirthurais a thaisceadh suas le 30 lá sula gcuireann tú d’earraí i láthair do Chustaim. Má thaisceann tú dhearbhú idirthurais roimh chur i láthair, beidh ort fógra um láithriú a thíolacadh do Chustaim nuair atá d’earraí réidh.
- Tá sé éigeantach cód HS sé dhigit a sholáthar.
Teachtaireachtaí nua in CNRI–C5
- Nuair atá dearbhuithe idirthurais Custam tíolactha roimh ré, is gá teachtaireacht 'Fógra um láithriú le haghaidh an dearbhú réamhthíolactha (IE170)' a thíolacadh nuair atá na hearraí curtha i láthair.
- Baintear úsáid as an teachtaireacht ‘Nack Feidhmiúil (IE906)' chun earráidí bailíochtaithe gnó a thuairisciú, mar shampla sárú ar rialacha agus coinníollacha.
- Úsáidtear teachtaireacht ‘XML Nack (IE917)' chun teachtaireachtaí i leith earráidí bailíochtaithe chomhréire, mar shampla earráidí XSD, a dhiúltú.
Feidhmiúlacht bhreise CNRI-C5 le cur i bhfeidhm níos déanaí in 2025
Nuair a bheidh an fheidhmiúlacht seo in úsáid, déanfaidh CNRI-C5:
- clárú 'Teagmhais ar an mbealach' a éascú. Dá bharr sin, tugtar isteach ról nua, ar a dtugtar 'Oifig Chláraithe na dTeagmhas'.
- comhéadan leictreonach a dhéanamh lenár gcóras dearbhaithe easpórtála, an Córas Easpórtála Uathoibríoch (AES) , chun tacú leis an gcás 'idirthuras i ndiaidh easpórtáil'.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin méid a athróidh faoin CNRI–C5 agus faoi na príomh-amlínte in CNRI–C5 presentation.
Tuilleadh eolais
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chuig UCCITDev@revenue.ie