Earraí a iompórtáiltear go buan le haghaidh taispeántas, aonach nó cruinnithe
Nós imeachta iar-iompórtála
Ní mór taifead a choinneáil d’úsáid agus diúscairt na n-earraí a iompórtáiltear. Ba chóir go bhfolódh do thaifead sonraí iomlána faoi ainm, dáta agus áit na himeachta.
Sa chás gur cuireadh urrús ar fáil, ba chóir duit do thaifead a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim taobh istigh de na tréimhsí seo:
- taobh istigh de mhí amháin ó dheireadh na himeachta
- nó
- taobh istigh de shé mhí ó dháta na hiompórtála
cibé acu is luaithe.
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim socruithe chun an t-urrús a aisíoc, a chealú, nó a leasú.
Maidir le hearraí a iompórtáladh don imeacht agus nár dáileadh nó nár úsáideadh ag an imeacht, ní mór iad a easpórtáil, é sin nó is gá muirir iompórtála a íoc.
Tuilleadh eolais
Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.