Cead isteach sealadach d'earraí áirithe le haghaidh díol féideartha

Rialacha maidir le cead isteach sealadach d'earraí áirithe le haghaidh díol féideartha

rialacha ginearálta ann i leith cead isteach sealadach don mhéid seo:

  • na hearraí fanacht gan athrú
  • na hearraí a aithint
  • urrús
  • an t-am a cheadaítear
  • nósanna imeachta iompórtála agus ath-easpórtála
  • agus
  • toirmisc agus srianta.

Chomh maith leis na rialacha ginearálta, tá na rialacha seo a leanas i bhfeidhm ar earraí áirithe le haghaidh díol féideartha:

  • Ní mór coinsíneachtaí ar cheadú a ath-easpórtáil taobh istigh de shé mhí ó dháta na hiompórtála.
  • Más rud é go ndíolann tú d’earraí taobh istigh den Aontas Eorpach (AE), ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim inar iompórtáladh na hearraí. Ní mór duit socrú a dhéanamh muirir iompórtála a íoc nó cuntas a thabhairt i leith na muirear iompórtála a íocadh ar éarlais. Teastóidh an méid seo:
    • cóip de do dhearbhú leictreonach custam a úsáideadh nuair a d’iompórtáil tú d’earraí
    • agus
    • cóipeanna de na sonraisc chuí ó dhíol na n-earraí.

Ríomhfaidh na Coimisinéirí Ioncaim suim na muirear iompórtála dlite. Beidh ort do dhearbhú iompórtála leictreonach a leasú le léiriú cé acu na hearraí a iompórtáiltear go buan. Má úsáideadh ráthaíocht mar urrús, déanfar é seo a choigeartú dá réir.

Ar aghaidh: Saothair ealaíne, míreanna do bhailitheoirí agus seandachtaí