Liosta foirmeacha a úsáideann fostóirí

Foirmeacha cláraithe cánach

Tá na foirmeacha seo a leanas le comhlánú ag fostóir agus iarratas ar chlárú á dhéanamh:

  • TR1 - Comhlánaigh an fhoirm seo más mar dhuine féinfhostaithe, nó mar thrádálaí aonair nó i gcomhpháirtíocht, atá tú do do chlárú.
  • TR1FT - Comhlánaigh an fhoirm seo má tá tú neamhchónaitheach sa stát agus ag cláru mar dhuine féinfhostaithe, nó mar thrádálaí aonair nó i gcomhpháirtíocht.
  • TR2 - Comhlánaigh an fhoirm seo más mar chuideachta atá tú do do chlárú.
  • TR2FT - Comhlánaigh an fhoirm seo má ta tú neamhchónaitheach sa stát agus ag cláru mar chuideachta.
  • PREM Reg - Comhlánaigh an fhoirm seo má tá tú ag clárú mar fhostóir.

Foirmeacha a úsáideann fostóirí roimh agus tar éis 1 Eanáir 2019

  • P11D - Aisghabháil sochar, íocaíochtaí neamhairgid nó táillí agus íocaíochtaí nach bhfuil faoi réir ÍMAT arna gcur ar fáil do stiúrthóirí agus d'fhostaithe áirithe.

Foirmeacha a úsáideann fostóirí roimh 1 Eanáir 2019

  • P45 - Deimhniú scoir a bhfuil ceithre chuid ann. Comhlánaigh an fhoirm seo nuair a scoireann fostaí de d'fhostaíocht roimh 1 Eanáir 2019.
  • P45 forlíonadh - Comhlánaigh an fhoirm seo nuair a dhéanann tú íocaíocht le hiarfhostaí i ndiaidh dóibh scoradh den obair agus nuair nach bhfuil an íocaíocht sin san áireamh ar an bhfoirm bhunaidh P45 roimh 1 Eanáir 2019.
  • P46 - Comhlánaigh an fhoirm seo más rud é gur thosaigh fostaí nua ag obair roimh 1 Eanáir 2019 agus:
    • murar sholáthair siad foirm P45 ó fhostóir roimhe seo duit
    • murar chláraigh siad a bpost nua le Poist agus Pinsin.
  • P2C - Do chóip féin de Dheimhniú Creidmheasanna Cánach an fhostaí (P2C).

Foirmeacha a eisíonn an tArd-Bhailitheoir roimh 1 Eanáir 2019

Baineann na foirmeacha seo a leanas leis na blianta cánach suas go dtí an 31 Nollaig 2018:

  • P35 - Do dhearbhú bliantúil le haghaidh do chuid Cánach Ioncaim, ÁSPC, MSU agus CMÁ.
  • P35L - Do thuairisceán bliantúil pá, Cáin Ioncaim, ÁSPC, MSU agus CMÁ i leith gach fostaí.
  • P35L/T - Do thuairisceán bliantúil pá, Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU i leith gach fostaí nach eol duit cén Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) atá acu.
  • P35LF - Do thuairisceán bliantúil d'iomlán na sochar neamhairgid a tugadh d'fhostaithe. Clúdaíonn sé chomh maith eolas maidir le ranníocaíochtaí an fhostaí le haghaidh táirgí pinsin.
  • P60 - Deimhniú d'fhostaí ar a gcuid pá, Cáin Ioncaim, MSU, CMÁ agus ranníocaíochtaí ÁSPC don bhliain.