Fostaí a fhostú
Duine a fhostú a d'oibrigh sa Stát cheana
Tabhair do d’aire:
Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le do dhualgais reatha. Chun eolas a fháil ar do dhualgais roimh 1 Eanáir 2019, féach ar an treoir d’fhostóirí in Employers Guide to PAYE.
Ba chóir duit Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a iarraidh le haghaidh d'fhostaí nua. Ní mór duit an párolla a oibriú leis na sonraí a thugtar duit san FPCI. Ar do chéad tíolacadh párolla don fhostaí sin, ba chóir a ndáta tosaigh a chur isteach.
An bonn cánachais éigeandála a fheidhmiú
Ní mór duit cáin a ghearradh ar fhostaí ar bhonn éigeandála sa chásanna nach bhfuil FPCI ar fáil:
Féadfaidh sé seo tarlú:
- mura bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ag an bhfostaí
- nó
- mura bhfuil an fostaí cláraithe le haghaidh ÍMAT.
FPCI a fháil
Tá dualgas ort na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas i leith aon fhostaithe nua sa chás nach é seo an chéad fhostaíocht de chuid an fhostaí sa Stát. Ba chóir an dáta tosaigh a chur isteach ar an gcéad tíolacadh párolla don fhostaí sin.
Ar aghaidh: Duine a fhostú nár oibrigh sa Stát cheana