Employers paying employees' 2020 tax liability

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim ar chumas fostóirí ar mian leo cuid de dhliteanais chánach 2020 na bhfostaithe nó iad go léir a íoc. Baineann sé seo le dliteanais Cánach Ioncaim agus Muirir Sóisialach Uilíoch (MSU) a thagann aníos de bharr an SFSP.

Ní mór d’fhostóirí teagmháil dhíreach a dhéanamh le fostaithe agus luach agus modh íocaíochta an dliteanais lena mbaineann a aontú.

I mí Eanáir 2021, chuir na Coimisinéirí Ioncaim Réamhráiteas Deireadh Bliana le haghaidh 2020 ar fáil do gach fostaí. Cabhróidh sé seo suim na Cánach Ioncaim agus MSU dhlite a chinneadh.

Féadann gach fostaí, lena n-áirítear iad siúd a bhain leas as an SFSP, a Réamhráiteas Deireadh Bliana a fheiceáil in moChúrsaí. Beidh gach fostaí in ann a fheiceáil an bhfuil gearríocaíocht Cánach Ioncaim nó MSU tagtha chun cinn de bharr an SFSP.

Cén chaoi le dliteanais chánach d’fhostaithe a íoc

Le dliteanais chánach fostaithe a íoc, féadfaidh tú:

  • cistí a chur ar fáil do gach fostaí lena ndliteanais Cánach Ioncaim agus MSU a chomhlíonadh, mar a léirítear ina Réamhráiteas Deireadh Bliana. Ní mór do gach fostaí ansin a ndliteanas a íoc trí moChúrsaí.
  • do thíolacadh párolla deiridh le haghaidh 2020 a leasú. Ní mór duit luachanna breise ‘Cáin Ioncam íoctha’ agus ‘MSU íoctha’ a chur leis a thagann le suim an dliteanais cánach atá á íoc agat thar ceann an fhostaí ón Réamhráiteas Deireadh Bliana. Ní mór é a seo a dhéanamh do gach fostaí atá i gceist. Ní sholáthraíonn roinnt pacáistí párolla an áis seo agus féadfaidh sé go mbeidh sé riachtanach an fhaisnéis a chur isteach de láimh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Is gá duit na suimeanna breise a fógraíodh trí Ráiteas Míosúil athbhreithnithe, arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim, a íoc.

Déanfar Réamhráiteas Deireadh Bliana an fhostaí a athríomh ina dhiaidh seo. Léireoidh sé seo na dliteanais Cánach Ioncaim agus MSU breise íoctha go díreach agat.

Le haghaidh an dá rogha thuas, ní mór do gach fostaí Tuairisceán Cánach Ioncaim 2020 a chomhlánú.

Tabhair do d’aire:

Ar dtús, bhí an áis seo teoranta d’íocaíochtaí déanta ag fostaí thar ceann a bhfostaithe suas le deireadh mhí an Mheithimh 2021. Tá síneadh curtha leis an lamháltas go dtí deireadh Mheán Fómhair 2021. Cinnteoidh sé seo go mbeidh an fhaisnéis is iomláine ar fáil do fostóirí tar éis an phróisis Réitigh SFSP.

Ar bhonn cás ar chás, d’fhéadfadh sé go mbeadh síneadh gairid thar an spriocdháta de Mheán Fómhair 2021 ar fáil. Beidh sé seo teoranta d’fhostóirí ar mian leo fiachais a bhaineann le SFSP a gcuid fostaithe a réiteach ach nach bhfuil in ann é sin a dhéanamh taobh istigh den chreat ama mar gheall ar chúinsí eisceachtúla. I gcásanna den chineál sin, ba chóir d’fhostóir teagmháil a dhéanamh le hoifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun an t-ábhar a phlé.

Doiciméid agus taifid

Ní mór duit cóipeanna d’aon doiciméad agus taifead a choinneáil a chlúdaíonn:

  • d’idirghníomhú le d’fhostaithe i ndáil leis na socraíochtaí seo
  • do shocraíocht tabhairt faoi na socraíochtaí íocaíochta seo.

Sochar comhchineáil

Ní fheidhmeoidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacha an tSochair Comhchineáil ar na híocaíochtaí seo a dhéanann tú thar ceann d’fhostaithe.

Soiléirithe breise

Tá feidhm ag lamháltas Sochar Comhchineáil freisin nuair a íocann fostóir an dliteanais cánach agus MSU a bhaineann le SFSP fostaí nuair atá an méid seo a leanas i gceist leo:

  • is cáiníocóir féinmheasúnaithe iad
  • tá siad faoi mheasúnú comhpháirteach, nó tá a chéile féinmheasúnaithe.

Tá feidhm ag lamháltas Sochar Comhchineáil freisin nuair a íocann d’fhostóir an dliteanais cánach agus MSU a bhaineann le SFSP stiúrthóir dílseánaigh sa chuideachta. Tá sé seo ar an gcoinníoll go n-íocann an fostóir na dliteanais a bhaineann le SFSP do gach fostaí sa chuideachta.

Chuir na Coimisinéirí Ioncaim in iúl roimhe seo go féadfaidh sé nach bhfuair fostaithe áirithe a dteidlíocht iomlán faoin SFSP agus go bhfuil íocaíochtaí breise dlite dóibh. Tugtar aisíocaíochtaí Fóirdheontas Pá Shealadaigh Dhírigh (FPSD) ar na híocaíochtaí seo. Le haghaidh tuilleadh eolas féach an preasráiteas cuí Deimhniú tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an ‘chéim oibriúcháin’ den SFSP i bhfeidhm anois.

Aon fhostaí atá le haisíocaíocht FPSD a fháil, déanfar an méid sin a fhritháireamh i gcoinne a ndliteanas SFSP. Is é an t-iarmhéid a bhíonn mar thoradh ar seo, ar a Ráiteas Dliteanais, an ghlansuim atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim. Seo an suim a d’fhéadfadh gur mhian le fostóir duine a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim thar cheann a fostaí.  

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag súil go dtabharfar chun críche ríomh na suimeanna FPSD atá dlite ag deireadh mhí an Mheithimh 2021.

Ní fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim an suim chánach ioncaim agus MSU iarbhír atá dlite de bharr íocaíochtaí SFSP iníoctha ag gach fostaí le haghaidh 2020 a sholáthar. Tá an suim iníoctha uathúil do gach fostaí. Tá sé riachtanach go rachaidh fostóirí i dteagmháil lena bhfostaithe chun suim na ndliteanas SFSP a bhfuil fostóir chun íoc a chomhaontú. Cabhróidh Ráiteas Dliteanais an fostaí leis na dliteanais a bhaineann leis na híocaíochtaí SFSP a fhaightear a chinneadh. 

Mura socraíonn an íocaíocht a dhéanann an fostóir fiachais SFSP an fhostaí, baileofar an t-iarmhéid is iníoctha thar 4 bliana ag tosú i mí Eanáir 2022 más rud é:

  • go bhfuil an fostaí faoi réir cánach tríd an gcóras ÍMAT
  • agus
  • nach bhfuil siad faoi réir féinmheasúnú.

Reachtaíocht

Ní bhfaighidh fostóirí a bhfuil suimeanna á íoc acu leis na dliteanais Cánach Ioncaim seo a réiteach asbhaint faoi Acht 81(2)(a) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Ní mheastar gur thabhaíodh na híocaíochtaí go hiomlán agus go heisiach chun críocha trádála nó gairme an fhostóra. Ina theannta sin, cuireann Alt 81(2)(p) go sonrach bac ar asbhaint i leith aon chánacha ar ioncam.