Nuair a chuirtear deireadh le fostaíocht

Nuair a fhágann fostaí d'fhostaíocht

Ní mór duit an dáta fágála a chur san áireamh ar an tíolacadh párolla deiridh sa chás:

  • go bhfágann fostaí d’fhostaíocht
  • go dtógann fostaí de do chuid sos gairme
  • go bhfaigheann fostaí bás le linn dóibh a bheith fostaithe agat.

Cuireann sé seo in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil fostaí scortha d’fhostaíocht leat.

Tá sé tábhachtach go gcuireann tú an dáta fágála san áireamh ar an íocaíocht deiridh. Cinntíonn sé seo go bhfaighidh fostóir nua na sonraí cearta pá, cánach agus Muirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ar an Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a eisítear chucu.

Ní mór duit Foirm P45 a chomhlánú le haghaidh fostaíochtaí scortha roimh 1 Eanáir 2019.

Ar aghaidh: Cáin a ríomh nuair a fhágann fostaí