Faoiseamh Talmhaíochta

An bhféadtar an Faoiseamh Talmhaíochta a tharraingt siar nó a aisghlámadh?

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an faoiseamh a tharraingt siar nó a aisghlámadh sa dá chás seo a leanas:

Diúscairt

Má dhéantar aon chuid den mhaoin (seachas barra, crainn, agus casarnacha) a dhiúscairt (lena n-áirítear tógáil éigeantach):

  • taobh istigh de sé bliana ó dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta
  • agus
  • mura gcuireann tú maoin talmhaíochta eile ina háit.

Tabhair do d’aire

Maidir le bronntanais agus oidhreachtaí a tógadh roimh an 1 Eanáir 2024, tosaíonn an tréimhse aisghlámtha ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta.

Is é an teorainn ama le hathinfheistiú a dhéanamh i maoin talmhaíochta athsholáthair ná:

  • laistigh de bhliain amháin ón diúscairt
  • laistigh de shé bliana ó dhiúscairt faoi ordú ceannaigh éigeantaigh.

Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an faoiseamh a aisghlámadh má úsáideann tú fáltais iomlána na diúscartha chun maoine talmhaíochta a chur ina háit. Mura ndéantar ach cuid de na fáltais a athinfheistiú i maoin talmhaíochta, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cuid den fhaoiseamh a aisghlámadh.

Má íoctar CGC ar dhiúscairt, ní gá ach na glanfháltais atá ar fáil tar éis na híocaíochta CGC a athinfheistiú.

Má dhiúscraíonn tú maoin talmhaíochta ar chomaoin níos lú ná comaoin iomlán, measfar go bhfuil na fáltais cothrom le luach margaidh na maoine talmhaíochta.

Ní gá go ndéanfaí na fáltais a athinfheistiú sa chineál céanna maoine talmhaíochta. Mar shampla, d’fhéadfaí fáltais ó dhiúscairt beostoic a athinfheistiú i dtalamh nó innealra gan an faoiseamh a chailleadh.

Má scoireann tú de bheith i do fheirmeoir

I gcás bronntanais nó oidhreachtaí a thógtar ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an faoiseamh a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:

  • mura mbíonn tú i mbun feirmeoireachta ar an maoin ar feadh 50% ar a laghad de d’uaireanta oibre (seachas má tá cáilíochtaí talmhaíochta agat)
  • nach ndéanann tú feirmeoireacht ar an maoin ar bhonn tráchtála ar feadh sé bliana ar a laghad ón dáta luachála.

Má thugann tú an mhaoin ar léas do dhuine eile, ní mór don duine sin feirmeoireacht a dhéanamh ar an maoin de réir an dá choinníoll atá leagtha amach thuas don tréimhse sé bliana chéanna. Mura gcomhlíonann an léasaí na coinníollacha seo a thuilleadh, d’fhéadfaí an faoiseamh a tharraingt siar.

Sa chás go ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim an faoiseamh a aisghlámadh, ní mór duit tuairisceán CFC breise a thíolacadh agus aon cháin dhlite amuigh a íoc. 

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-éilítear an Faoiseamh Talmhaíochta?