Upcoming changes to tax agent authorisations

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag tarraingt siar an phróisis A2 do cháiníocóirí Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT). Lig an áis seo do cháiníocóirí ÍMAT údarú a thabhairt le haghaidh aisíocaíochtaí a íoc isteach i gcuntas bainc a ngníomhaire. Áirítear leis na haisíocaíochtaí seo ró-íocaíochtaí i dtaca le:

  • Cáin Ioncaim
  • agus
  • Muirear Sóisialach Uilíoch.

Tá an próiseas A2 á tharraingt siar ag na Coimisinéirí Ioncaim:

  • d'aon chliaint nua a chláraíonn le gníomhaire le héifeacht ón 1 Eanáir 2025

agus

  • do ghníomhairí le cliaint roimh an 31 Nollaig 2025.

I measc na mbuntáistí a bhaineann le deireadh a chur leis an bpróiseas seo:

  • tá laghdú riosca do cháiníocóirí i gceist
  • cuirtear stop le hathruithe neamhúdaraithe ar shonraí bainc an chustaiméara

agus

  • cuirtear deireadh leis an ngá atá le gníomhairí aisíocaíochtaí a choinneáil sa chás nach bhfuil siad in ann teagmháil a dhéanamh leis an gcliant.

Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim an obair luachmhar a dhéanann gníomhairí chun cabhrú lena gcliaint a n-oibleagáidí cánach agus dleachta a chomhlíonadh go saorálach. Ní chuirfidh tarraingt siar an phróisis A2 cosc ar cháiníocóirí ÍMAT gníomhaire a fhostú chun a dTuairisceáin ÍMAT a thíolacadh.