Poist a athrú
Nuair a fhágann tú do phost
Nuair a fhágann tú post, cuirfidh d’fhostóir na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go bhfuil tú críochnaithe. Déanfaidh siad an méid sin trí dháta fágála a chur ar an tíolacadh párolla deiridh.
Féadtar do phá agus asbhaintí Cánach Ioncaim a thuairiscigh d’fhostóir do na Coimisinéirí Ioncaim a fheiceáil:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Faoin gcárta 'Seirbhísí ÍMAT' roghnaigh an nasc 'Bainistigh do cháin don bhliain reatha'.
Beidh an méid seo a leanas ar do thíolacadh párolla deiridh:
Tabhair do d’aire
Má loiceann d’fhostóir na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas go bhfuil tú críochnaithe, féadtar úsáid a bhaint as moChursaí chun do sheanphost a scor. Roghnaigh 'Féach/Scoir do Shonraí Poist nó Pinsin' ar an gcárta ‘Seirbhísí ÍMAT’ chun é seo a dhéanamh.
Ar aghaidh: Nuair a thosaíonn tú post nua