Do leanbh a chlárú – Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)

Teastóidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ó do leanbh má dhéileálann tú le gníomhaireachtaí seirbhíse poiblí ar son do linbh. 

Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) a eisíonn UPSP do leanaí.

Leanbh nua

Má rugadh do leanbh in Éirinn, ní mór duit an bhreith a chlárú ag aon cheann de na hoifigí ag na Cláraitheoirí Breitheanna, Póstaí agus Básanna

Faigheann leanaí a rugtar in Éirinn UPSP go huathoibríoch nuair a chláraítear a mbreith laistigh de thrí mhí ón mbreith. Mura bhfuil an bhreith cláraithe laistigh de thrí mhí , beidh ort iarratas ar UPSP a dhéanamh chuig an RCS do do leanbh.

Mura bhfuil tú in ann UPSP do linbh a aimsiú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le hoifig de chuid na RCS atá áisiúil duit.

Leanbh a rugadh lasmuigh d'Éirinn

Má tá cónaí ar do leanbh in Éirinn, ach mura rugadh anseo iad, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar UPSP ar a shon. Chun iarratas a dhéanamh, ní mór do dhuine de na tuismitheoirí nó caomhnóirí UPSP a bheith acu ionas gur féidir an leanabh a chlárú.

Féadtar tuilleadh a léamh faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar UPSP ar shuíomh idirlín na RCS.