Iasacht um thithe altranais (Scéim Chothrom na Féinne)

Léargas ginearálta

Is iondúil go dtugtar ‘Iasacht um Theach Altranais’ ar Thacaíocht Chúnta Stáit. Tá an iasacht seo mar chuid den ‘Scéim Chothrom na Féinne’ arna riar ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Baineann an iasacht le daoine faoi chúram tí altranais a bhfuil sócmhainní, lena n-áirítear talamh agus maoine. Féadfaidh siad moill a chur le híoc as a gcúram go dtí tar éis a mbáis, ag baint úsáid as na sócmhainní seo chun an iasacht a urrú.

Tabhair do d’aire

Íocann an FSS an iasacht go díreach leis an teach altranais. Ní fhéadtar costais sláinte a éileamh ar an tsuim íoctha ag an FSS leis an teach altranais.

Nuair a aisíoctar an iasacht, féadtar an aisíocaíocht a éileamh faoin gceannteideal Costas Sláinte:

  • agat féin in aghaidh do dhliteanais Cánach Ioncaim
  • ag seiceadóir eastát an éagaigh in aghaidh dhliteanas Cánach Ioncaim an duine éagtha.

Chun leas a bhaint as an bhfaoiseamh seo, ní mór dliteanas Cánach Ioncaim a bheith ann. Féadtar aon aisíocaíochtaí dlite a laghdú má tá Cáin Ioncaim dlite ort féin nó ar d'eastát leis na Coimisinéirí Ioncaim i leith bliana roimhe sin.

Ar aghaidh: Ról na gCoimisinéirí Ioncaim agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)