An feidhmchlár as líne ROS a úsáid
Foirmeacha ar fáil ar an bhFeidhmchlár As Líne ROS
Féadtar an chuid is mó d’fhoirmeacha a thíolacadh ar an gcóras ar líne, Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Níl ach roinnt bheag foirmeacha ann nach bhfuil ar fáil ar líne. Is gá iad seo a thíolacadh leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS.
Chun teacht ar na foirmeacha seo, ní mór duit:
- An Feidhmchlár As Líne ROS a shuiteáil.
- Na foirmeacha iarrtha a shuiteáil.
- Na foirmeacha comhlánaithe a shábháil ar do ríomhaire.
- Na foirmeacha sábháilte a uaslódáil chuig ROS ar líne.
Nuair atá an Feidhmchlár as líne ROS á úsáid, tá an méid seo a leanas tábhachtach:
- go bhfuil an leagan is déanaí den fhoirm suiteáilte agat
- agus
- go sábhálann tú do chuid oibre go rialta.
Ní fhéadtar na foirmeacha seo a leanas a chomhlánú ach amháin leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS:
- Foirm 1 (Gnólachtaí)
- Foirm 1 (Iontaobhais agus Eastáit) – roimh 2017
- Foirm Intrastat agus Cóid Tráchtearraí
- VIES (má tá breis agus 30 i gceist).
Ní fhéadtar na foirmeacha seo a leanas a chomhlánú ach amháin leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS nó leis an 46g return tool:
- 46G (má tá breis agus 30 íocaí i gceist)
- 46G (Cuideachta) (má tá breis agus 30 íocaí i gceist).
Ar aghaidh: Íoslódáil foirmeacha as líne ROS