Deacrachtaí le tuairisceáin a chomhlánú agus a thíolacadh

Níl an tuairisceán ar fáil

Mura bhfuil tuairisceán ar fáil le tíolacadh le haghaidh cineál nó tréimhse cánach riachtanach:

  1. Seiceáil nach bhfuil tús curtha cheana féin leis an mír sa chluaisín ‘Obair idir Lámha’ i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Má tá an mhír ansin, scrios é, ansin déan iarracht é a thíolacadh arís (ón gcluaisín Mo Sheirbhísí Féin).
  2. Más fo-úsáideoir thú, cinntigh go bhfuil ceadanna tugtha ag do riarthóir ROS duit, mar beidh siad seo ag teastáil uait chun 'Ullmhaigh' nó 'Tíolaic' don chineál cánach seo.
  3. Fíoraigh an méid seo a leanas faoin tuairisceán le hoifig an Ard-Bhailitheora:
    • go bhfuil an tuairisceán dlite agus eisithe
    • agus
    • nach bhfuil aon ‘Stop’ i bhfeidhm a chuirfeadh cosc ar thíolacadh.

Níl na tuairisceáin seo a leanas ar fail le haghaidh tíolacadh ar líne: 

  • Foirm 1 (Gnóthais)
  • Intrastat.

Ní fhéadtar iad seo a chomhlánú ach amháin tríd an bhFeidhmchlár As Líne ROS nó an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin (AUT) a úsáid.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an rannán Roghanna maidir le hullmhúchán tuairisceáin.

Ar aghaidh: Tuairisceán a shíniú agus a thíolacadh