Préimheanna árachais leighis
Má tá polasaí árachais sláinte agat, a íocann d'fhostóir as, féadfaidh sé go bhfuil tú incháilithe chun Faoiseamh Árachais Leighis a éileamh.
Tabhair do d'aire
Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ar Fhaoiseamh Árachais Leighis ach amháin má íocann d'fhostóir do phréimh árachais mar shochar comhchineáil (sc).
Cáilíonn polasaithe árachais leighis i leith:
- árachas sláinte
- árachas fiaclóireachta
- árachas sláinte agus fiaclóireachta in éineacht.
Ní gá duit an faoiseamh cánach a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim sa chás nach n-íocann d'fhostóir as do phréimh. Sa chás seo, beidh an faoiseamh tugtha cheana féin mar lascaine ar chostas an pholasaí. Is éard a thugtar air seo ná Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF).
Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse
Féadfaidh sé go gclúdóidh do pholasaí árachais sláinte an dá chostas sláinte atá incháilithe le haghaidh faoiseamh cánach agus costais sláinte nach bhfuil incháilithe le haghaidh faoiseamh cánach. Sa chás sin, féadfaidh ráta faoisimh cánach níos lú ná an ráta caighdeánach (20%) a bheith i bhfeidhm. Tugtar 'ráta cumaiscthe' ar an ráta seo agus tá sé bunaithe ar an bhfaisnéis a chuireann do sholáthraí árachais sláinte ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim.
Féadtar an ráta faoisimh cánach a bhaineann le do pholasaí árachais sláinte a fháil ó do sholáthraí árachais sláinte.
Faoiseamh ar fáil
Braitheann an faoiseamh atá ar fáil ar cé acu an polasaí é le haghaidh duine fásta, nó le haghaidh linbh.
Polasaí do dhuine fásta
Tá faoiseamh ar fáil atá cothrom leis an gceann is lú den mhéid seo:
- suas go dtí 20% de chostas an pholasaí
- nó
- suas go dtí 20% de €1,000 (suas go dtí creidmheas uasta de €200).
Polasaí do leanbh
Tá faoiseamh ar fáil atá cothrom leis an gceann is lú den mhéid seo:
- suas go dtí 20% de chostas an pholasaí
- nó
- suas go dtí 20% de €500 (suas go dtí creidmheas uasta de €100).
Chun críocha an fhaoisimh seo, is éard is leanbh ann ná aon duine aonair faoi bhun 21 bliain d’aois.
Polasaithe íoctha ag fostóirí (mar SC)
Féadfaidh sé go roghnóidh d'fhostóir árachas leighis a íoc duit nó do do theaghlach mar SC. Má íocann, bainfidh an méid seo leat:
- gearrfar cáin ort ar luach comhlán an pholasaí (nó na bpolasaithe)
- agus
- beidh ort faoiseamh cánach i leith árachas leighis a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim toisc nár tugadh ag an bhfoinse é.
Féadtar úsáid a bhaint as moChúrsaí chun an creidmheas a éileamh má íocann d’fhostóir árachas leighis ar do shon nó ar shon do theaghlaigh. Féadtar faoiseamh a éileamh le linn na bliana, nó tar éis dheireadh na bliana.
Éileamh a dhéanamh le linn na bliana cánach:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin don bhliain reatha’ faoin gcluaisín 'Seirbhísí ÍMAT'.
- Roghnaigh ‘Cuir creidmheasanna nua leis’.
- Roghnaigh 'Faoiseamh árachais sláinte' faoin gcatagóir ‘Sláinte’.
Chun éileamh a dhéanamh do bhlianta roimhe seo:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar ‘Déan athbhreithniú ar do cháin do na 4 bliana roimhe’ faoin gcluaisín ‘Seirbhísí ÍMAT’.
- Iarr ‘Ráiteas Dliteanais’.
- Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
- Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Faoiseamh Árachais Sláinte’.
- Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.
Ní mór duit an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil:
- an dáta a thosaigh an polasaí
- na daoine atá clúdaithe ar an bpolasaí agus a n-aois
- briseadh síos ar chostas an pholasaí do gach duine
- an tsuim a d’íoc d’fhostóir.
Ní fhéadfaidh d'fhostóir ach céatadán de chostas do pholasaí a íoc. Sa chás seo, tá an faoiseamh cánach a fhéadtar a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim teoranta don chéatadán sin. Tá sé seo amhlaidh toisc go mbeidh an lascaine tugtha ar an sciar den pholasaí a íocann tú go díreach tú féin.
Tá liosta d’árachóirí leighis ceadaithe ar fáil ar shuíomh idirlín an Údaráis Árachais Sláinte.