Asbhaint Tuillimh Eachtraigh (ATE)

Cén chaoi a dhéantar iarratas ar ATE?

Braithfidh méid aon asbhainte ar an líon laethanta cáilitheacha d’asláithreacht i mbliain chánach nó i dtréimhse 12 mhí thar thréimhse dhá bhliain chánach. Éilítear an asbhaint tar éis deireadh na bliana cánach. Ba chóir duit iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig d'oifig Coimisinéirí Ioncaim agus ráiteas a chur san áireamh ó d’fhostóir ina gcuimsítear sonraí faoin méid a leanas:

  • dátaí imeachta ó Éirinn agus fillte ar Éirinn
  • agus
  • an láthair nó na láithreacha a d’oibrigh tú fad a bhí tú thar lear.
Ba chóir duit éileamh a dhéanamh laistigh de cheithre bliana.
Bliain chánachBliain cánach dar críochÉileamh le déanamh faoin
2021 31 Nollaig 2021 31 Nollaig 2025
2022 31 Nollaig 2022 31 Nollaig 2026
2023 31 Nollaig 2023 31 Nollaig 2027
2024 31 Nollaig 2024

31 Nollaig 2028

2025 31 Nollaig 2025

31 Nollaig 2029