Liúntas do Mharaithe, Creidmheas Cánach d'Iascairí agus Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige

An Creidmheas Cánach d'Iascairí

Féadtar an Creidmheas Cánach d'Iascairí a éileamh:

  • más fostaí Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) thú nó má íocann tú cáin trí fhéinmheasúnú
  • má tá tú cónaitheach sa Stát
  • má chaitheann tú ar a laghad 80 lá ar muir ag tabhairt faoi iascaireacht go gníomhach (is é sin, iascaireacht le haghaidh iasc farraige nó iasc farraige a ghabháil)
  • agus
  • má tá d’árthach iascaireachta:
    • ceadúnaithe ag Ballstát den Aontas Eorpach (AE) agus má tá sé cláraithe ar Chabhlach Iascaireachta Chomhphobal an AE
    • a chomhionann atá faoi réir na Ríochta Aontaithe (RA).

Más iascaire páirtaimseartha thú, beidh tú i dteideal an creidmheas a fháil, a fhad agus a shásaíonn tú na coinníollacha thuas.

Is é an Creidmheas Cánach d’Iascairí ná €1,270 sa bhliain. Féadfaidh tú an creidmheas seo a chur in aghaidh d’ioncaim iomláin, is é sin, ioncam ó iascaireacht agus foinsí eile.

Ní fhéadfaidh tú an Liúntas do Mharaithe a éileamh sa bhliain chéanna a éilítear an Creidmheas Cánach d’Iascairí.

Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil maidir le na coinníollacha cáilitheacha in Fisher Tax Credit (Part 15-01-45).

Céard a cháilíonn mar lá ar muir?

Ciallaíonn lá ocht n-uaire an chloig, ar a laghad, ar muir laistigh de thréimhse 24 uair an chloig. Féadtar na hocht n-uaire seo a charnadh i gcaitheamh roinnt aistir iascaireachta i dtréimhse 24 uair an chloig.

Céard a cháilíonn mar aistear iascaireachta?

Tosaíonn aistear iascaireachta ón uair a fhágann tú an port chun tabhairt faoi iascaireacht agus tugtar chun críche an t-aistear nuair a fhilleann tú ar an bport. Má fhilleann tú, mar gheall ar anacair amháin, ní mheasfar gurb ionann seo agus filleadh a fhad agus a leanann tú ar aghaidh leis an aistear arís eile ina dhiaidh sin.

Céard iad na cineálacha iascaireachta a cháilíonn?

Is é an cineál iascaireachta a chumhdaítear ná iascaireacht d’aon chineál éisc a dtagtar orthu san fharraige, crústaigh agus moilisc san áireamh. Ní áirítear leis bradán, eascanna fionnuisce nó ainmhithe dobharshaothraithe. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Fisher Tax Credit (Part 15-01-45).

Má tá iascaireacht nó dreidireacht á déanamh agat díreach ar mhaithe le cuspóirí eolaíochta, taighde nó oiliúna, níl tú cáilitheach.

Cén chaoi a n-éilítear an creidmheas?

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh más cáiníocóir ÍMAT thú.

An bealach is tapúla agus is éasca chun éileamh a dhéanamh ar Creidmheas Cánach d’Iascairí ná trí úsáid a bhaint as ár seirbhís ar líne moChúrsaí. Is taobh istigh de chúig lá oibre a fhaigheann mórchuid na ndaoine a éilíonn an faoiseamh seo ar líne a n-aisíocaíocht chánach nuair atá sé dlite dóibh.

Féadtar moChúrsaí a úsáid chun Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú don bhliain ar mian leat éileamh a dhéanamh ina leith.

Ag déanamh éilimh don bhliain reatha

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc 'Bainistigh do cháin don bhliain reatha' i 'Seirbhísí ÍMAT'.
  3. Roghnaigh 'Déan éileamh ar creidmheasanna cánach'.
  4. Roghnaigh 'Creidmheas Cánach Iascairí' atá faoi 'do phost'.

Ag déanamh éilimh don bhliain roimhe

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin don 4 bliana roimhe seo’ faoin gcluaisín 'Seirbhísí ÍMAT'.
  3. Iarr Ráiteas Dliteanais.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Do phost-Creidmheas Cánach Iascairí’ agus cuir leis é mar chreidmheas cánach.
  6. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Má dhéantar measúnú comhpháirteach ort, is é an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmnithe is gá an t-iarratas a dhéanamh.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe.

Úsáid Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Éilítear an faoiseamh seo tríd an rannán Creidmheas Cánach Iascairí a chomhlánú ar Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11).

Chun teacht ar ROS, cliceáil ar an nasc cuí thíos:

Ar aghaidh: Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige