Clár Faoisimh Sannaí Speisialta (CFSS)

Cén chaoi a ndeonaítear faoiseamh?

Féadfar faoiseamh a dheonú duit trí do phárolla nó féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh ag deireadh na bliana cánach. 

Féadfaidh d'fhostóir cead a lorg chun faoiseamh a dheonú tríd an bpárolla, agus iarratas á dhéanamh acu ar Fhaoiseamh SARP.

Ní mór duit tuairisceán ioncaim a sheoladh ar ais do gach bliain a éilítear an faoiseamh ina leith.

Ar aghaidh: Céard iad riachtanais tuairiscithe an fhostóra?