Is rothaí é Micheál a chuaigh ar scor ón rothaíocht in 2024. Is mian leis Faoiseamh do Lucht Spóirt a éileamh. Chun é seo a dhéanamh, rinne sé athbhreithniú ar a ioncam ón rothaíocht do na 15 bliana roimh dhul ar scor (2024 san áireamh). Roghnaigh sé na 10 mbliana a lig dó a éileamh faoisimh a uasmhéadú.
Is le haghaidh 2017 atá ceann de na blianta ar mian leis éileamh a dhéanamh ina leith. Tá Micheál singil. Sa bhliain 2017 bhí sé 42 agus thug sé € 34,000 do CCSP.
Ioncam incháinithe Mhichíl le haghaidh 2017
|
Suim |
Tuilleamh rothaíochta |
€200,000 |
Costais rothaíochta |
(€15,000) |
Ioncam urraíochta |
€60,000 |
Ranníocaíocht CCSP |
(€34,000) |
Ioncam incháinithe |
€211,000 |
Cáin Ioncaim |
|
€33,800 @ 20% |
€6,760 |
€177,200 @ 40% |
€70,880 |
Cáin Ioncaim do 2017 |
|
(roimh chreidmheasanna agus faoisimh eile) |
€77,640 |
Tar éis dó Faoiseamh do Lucht Spóirt a éileamh le haghaidh 2017, tháinig athrú ar ioncam incháinithe Mhichíl.
Ioncam incháinithe Mhichíl le haghaidh 2017, tar éis an Fhaoisimh do Lucht Spóirt
|
Suim |
Tuilleamh rothaíochta |
€200,000 |
Costais rothaíochta |
(€15,000) |
Faoiseamh do Lucht Spóirt (€200,000 x 40%) |
(€80,000) |
Ioncam urraíochta |
€60,000 |
Ranníocaíocht CCSP |
(€34,000) |
Ioncam incháinithe |
€131,000 |
Cáin Ioncaim |
|
€33,800 @ 20% |
€6,760 |
€97,200 @ 40% |
€38,880 |
Cáin Ioncaim do 2017 |
|
(roimh chreidmheasanna agus faoisimh eile) |
€45,640 |
Gheobhaidh Micheál asbhaint €80,000 le haghaidh 2017. Ní bheidh éifeacht ag an asbhaint seo ar a ghlantuilleamh ábhartha chun críocha faoisimh chánach.
Déanfaidh Micheál athbhreithniú den chineál céanna do na 9 mbliana eile a roghnaigh sé chun a fhaoiseamh iomlán a ríomh. Is de bhun aisíocaíochta a thabharfar an faoiseamh.