Scéim Fan agus Caith
Léargas ginearálta
Tabhair do d'aire
Chun éileamh a dhéanamh ar an gcreidmheas cánach Fan agus Caith ní mór duit do thuairisceán cánach bliantúil á chomhlánú. Féach an leathanach 'Cén chaoi leis an gCreidmheas Cánach Fan agus Caith a éileamh' le haghaidh tuilleadh eolas.
Is creidmheas cánach é an Creidmheas Cánach Fan agus Caith a tugadh isteach le haghaidh na mblianta 2020 agus 2021. Féadtar é a úsáid in aghaidh dliteanas Cánach Ioncaim nó Muirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) i mbliain mheasúnaithe.
Tugadh an creidmheas Fan agus Caith isteach le haghaidh caiteachas cáilitheach a tabhaíodh idir 01 Deireadh Fómhair 2020 agus 30 Aibreán 2021.
Bhí caiteachas cáilitheach a tabhaíodh idir 01 Deireadh Fómhair 2020 agus 31 Nollaig 2020 ar fáil le héileamh go dtí an 31 Nollaig 2024. Tá caiteachas cáilitheach a tabhaíodh idir 01 Eanáir 2021 agus 30 Aibreán 2021 ar fáil le héileamh suas go dtí an 31 Nollaig 2025.
Áirítear leis seo caiteachas orthu seo:
- lóistín saoire
- nó
- bia agus deoch nach mbeirtear leat.
An t-íosmhéid do chaiteachas ná €25 in aghaidh an idirbhirt. Ní mór cóip de d’admháil a thíolacadh leis an éileamh.
Ní mór gur ‘soláthraí seirbhíse cáilitheach’ a chuireann an tseirbhís ar fáil. Is éard atá i gceist le soláthraithe seirbhíse cháilitheacha ná iad siúd atá cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim le páirt a ghlacadh sa scéim.
Is é €125 in aghaidh an duine an creidmheas cánach uasta atá ar fáil. Is é €250 an creidmheas cánach uasta atá ar fáil dóibh siúd atá faoi mheasúnú comhpháirteach.
Úsáidfear an creidmheas cánach le do dhliteanas Cánach Ioncaim a laghdú. Féadtar aon chreidmheas farasbairr a fhritháireamh in aghaidh do dhliteanas MSU. Ní mór dliteanas Cánach Ioncaim nó MSU a bheith agat le fritháireamh in aghaidh na chreidmheasa chun é a éileamh.
Tugtar míniú sa chéad rannán eile ar an gcineál caiteachais atá incháilithe agus an chaoi leis an creidmheas cánach a éileamh. Tugtar míniú sa rannán seo freisin ar an gcaoi le soláthraithe seirbhíse a ghlacann páirt sa scéim a aithint.
Ar aghaidh: Céard is caiteachas cáilitheach ann