DAT d'úinéirí tí agus do thiarnaí talún

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh i leith aon obair a chuirtear i gcrích nó a n-íoctar as tar éis 31 Nollaig 2018. An t-aon eisceacht ón dáta dúnta seo ná má bhí cead pleanála ann lena aghaidh faoin 31 Nollaig 2018. Más amhlaidh an cás, cháiligh obair a cuireadh i gcrích idir 1 Eanáir 2019 agus 31 Márta 2019 don fhaoiseamh.

Faoiseamh ó Cháin Ioncaim a bhí sa Dreasacht um Athchóiriú Tí (DAT) le haghaidh úinéirí áite cónaithe, tiarnaí talún agus tionóntaí údaráis áitiúil. D'fhéadfaí an Creidmheas Cánach DAT a éileamh le haghaidh deisiúchán, athchóirithe agus feabhsuithe do do theach nó do mhaoin chíosa.

Ní mór do chonraitheoir cáilitheach na hoibreacha cáilitheacha a bheith críochnaithe idir 2013 agus 2018.

D'fhéadfadh úinéirí tí éileamh a dhéanamh i leith obair cháilitheach a cuireadh i gcrích agus ar íocadh as ó 25 Deireadh Fómhair 2013.

Bhí tiarnaí talún in ann éileamh a dhéanamh i leith obair a cuireadh i gcrích agus ar íocadh as ó 15 Deireadh Fómhair 2014.

Bhí tionóntaí údaráis áitiúil in ann éileamh a dhéanamh i leith obair a cuireadh i gcrích agus ar íocadh as ó 1 Eanáir 2017 ar aghaidh.

Bhí an t-éileamh le déanamh tríd an gcóras DAT ar líne. Bhí an t-éileamh le déanamh taobh istigh de 4 bliana tar éis na bliana a íocadh as an obair cháilitheach.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-oibríonn an Dreasacht um Athchóiriú Tí?