Ioncam ó chíos eachtrach

Cé na costais agus na hasbhaintí nach gceadaítear?

Ní fhéadtar an méid seo a leanas a éileamh:

  • costais roimh-ligin
  • costais iar-ligin
  • caiteachas caipitiúil
  • costas do chuid saothair féin má dhéanann tú deisiúcháin don mhaoin
  • an costas a bhaineann le taisteal chuig do mhaoin.

Ní fhéadtar costais a éileamh ach le haghaidh thréimhse an léasa. Tá eisceachtaí uaidh seo ann, is é sin costais amhail táillí ligin, táillí fógraíochta agus táillí dlíthiúla roimh an gcéad ligean.

Ní fhéadtar costais ná asbhaintí a éileamh le haghaidh tréimhse ar bith a d’fhan tú féin nó daoine eile sa mhaoin saor ó chíos. Ní mór duit na costais agus na hasbaintí a roinnt idir an tréimhse ama sin agus an tréimhse a ligeadh amach ar cíos e. Ní bhaineann faoiseamh Seomra ar Cíos le hioncam cíosa ó mhaoine eachtracha.

Ar aghaidh: Cén chaoi le hioncam incháinithe ó chíos eachtrach a ríomhadh