Suíomh a dhíol nó a aistriú

Nuair atá maoin á díol, á ceannach nó á haistriú, tá dualgais áirithe ar an díoltóir nó aistreoir agus ar an gceannaitheoir araon.

Mar an díoltóir nó aistreoir, ní mór duit a chinntiú gur comhlíonadh gach oibleagáid Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC) sula ndéantar an díol a chur a gcrích. Ciallaíonn sé seo nach mór do gach íocaíocht CTCC a bheith cothrom le dáta, agus ní mór duit do thuairisceáin CTCC a bheith tíolactha agat do na Coimisinéirí Ioncaim.

Féadtar do thaifead CTCC a sheiceáil ar Thairseach ar líne CTCC trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Mar úinéir nua an láithreáin ábhartha, tá dualgas ort clárú le haghaidh CTCC.

Tabhair do d'aire

Más tusa an duine dliteanach i leith maoine ar an dáta dlite, an 1 Feabhra, tá tú dliteanach an CTCC a íoc don bhliain sin.

Céard ba chóir duit a dhéanamh roimh a chuirtear an t-idirbheart i gcrích?

Sula gcuirtear an t-idirbheart i gcrích, ní mór don duine atá ag aistriú nó ag díol an láithreán ábhartha, Foirm Aistrithe CTCC nó Tuairisceán Díola a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

Beidh faisnéis áirithe maidir leis an láithreán ábhartha, an duine (nó na daoine) dliteanacha agus an ceannaitheoir (nó na ceannaitheoirí) le cur sa tuairisceán seo.

Ní mór do dhíoltóir láithreáin ábhartha a chinntiú go bhfuil gach oibleagáid CTCC comhlíonta. Ciallaíonn sé seo gur chóir duit:

  • gach CTCC amuigh agus ús fabhraithe a íoc
  • iarracht a dhéanamh aon phionós atá dlite i leith an tsuímh, a aontú, nó cinneadh a dhéanamh ina leith, agus an pionós céanna a íoc
  • agus
  • gach tuairisceán CTCC amuigh a thíolacadh lena n-áirítear an tuairisceán CTCC a theastaíonn roimh chuirtear an díol i gcrích.

I gcomhthéacs láithreán ábhartha a dhíol nó a aistriú, deimhneoidh na Coimisinéirí Ioncaim seasamh CTCC an láithreáin leis an díoltóir.

Deimhneoidh na Coimisinéirí Ioncaim trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim nó moChúrsaí, ag an tráth sin:

  • nach bhfuil aon suimeanna CTCC amuigh iníoctha
  • go bhfuil cáin neamhíoctha, ús fabhraithe nó pionós dlite i leith an láithreáin ábhartha.

Deimhneoidh na Coimisinéirí Ioncaim freisin an bhfuil aon tuairisceán CTCC amuigh.

Ba chóir a thabhairt do d’aire, ós rud é gur cáin fhéinmheasúnaithe Í CTCC, go bhfuil an deimhniú seo bunaithe ar na sonraí a chuireann an duine dliteanach ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim.

Tabhair do d’aire

Baineann 'díol' le hathruithe úinéireachta a tharlaíonn trí, mar shampla, aistrithe, bronntanais agus oidhreachtaí.

Áirítear le haistriú freisin talamh a fháil go héigeantach, fógra a thabhairt chun talamh a fháil go héigeantach, chomh maith le nuair a dhéanann úinéir léas ar feadh tréimhse 35 bliana nó níos mó.

Dliteanais agus muirir CTCC neamhíoctha ar an láithreán ábhartha

Sula ndíolfar láithreán ábhartha, íocfaidh an díoltóir nó an t-aistreoir aon dliteanas CTCC amuigh atá dlite roimh dháta an díola.

Áirítear leis an dliteanas:

  • suimeanna CTCC neamhíoctha atá dlite agus le híoc
  • ús fabhraithe
  • agus
  • aon mhéid pionóis a comhaontaíodh, nó a cinneadh, i dtaca le féinmheasúnú díoltóra nó measúnú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Déanfaidh díoltóir nó aistreoir an láithreáin ábhartha, gach tuairisceán amuigh a thíolacadh freisin.

Tá aon dliteanas amuigh nach n-íocann díoltóir nó aistreoir ina mhuirear ar an talamh lena mbaineann sé, agus fanann sé mar sin.