Díolúintí agus faoisimh

Faoisimh d'fheirmeoirí

Faoiseamh i leith Gaol Fola

Ní bhaineann an faoiseamh seo ach le haistrithe talún. Chun an faoiseamh seo a éileamh, ní mór duit:

  • a bheith gaolta leis an aistreoir
  • agus
  • a bheith i mbun feirmeoireachta ar an talamh ar feadh sé bliana ar a laghad nó an talamh a ligean ar léas ar feadh sé bliana ar a laghad do dhuine a dhéanfaidh feirmeoireacht air.

Má tá tú i mbun feirmeoireachta ar an talamh, ní mór duit an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • bheith cláraithe le haghaidh Cáin Ioncaim 
  • cáilíocht shonraithe a bheith agat nó ceann a fháil taobh istigh de thréimhse ceithre bliana ón dáta a fhaigheann tú an talamh
  • ar a laghad 50% de do chuid ama a chaitheamh i mbun feirmeoireachta ar an talamh (an t-aistriú talún seo san áireamh).

Má ligeann tú an talamh ar léas le duine eile chun feirmeoireacht a dhéanamh air, ní mór don duine sin:

  • cáilíocht shonraithe a bheith aige nó aici nó ceann a fháil taobh istigh de 4 bliana ón dáta a fhaigheann tú an talamh
  • 50% ar a laghad d’am an duine sin a bheith caite ag an duine i mbun feirmeoireachta ar an talamh (an t-aistriú talún seo san áireamh).

Faoiseamh i leith Feirmeoir Óg Oilte

Chun an faoiseamh seo a éileamh, ní mór duit:

  • a bheith níos óige ná 35 bliain d’aois ar an dáta a forghníomhaíodh aistriú na talún
  • cáilíocht talmhaíochta chuí a bheith agat, nó ceann a fháil laistigh de 3 bliana ón dáta a fhaightear an talamh ( tá feidhm le tréimhse 4 bliana maidir le haistrithe a fhorghníomhaítear roimh an 15 Bealtaine 2023 )
  • plean gnó a bheith curtha faoi bhráid Teagasc agat
  • a bheith cláraithe le haghaidh Cáin Ioncaim
  • agus
  • a bheith i gceannas ar an ngabháltas feirme.

Freisin, ní mór go mbeadh sé i gceist agat: 

  • ar a laghad 50% de do ghnáth-am oibre a chaitheamh ag feirmeoireacht na talún aistrithe
  • agus
  • úinéireacht a choinneáil ar an talamh sin

ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad ó dháta an aistrithe.

Cúnamh Stáit de chuid an AE is ea an faoiseamh. Baineann srianta le méid an fhaoisimh a fhéadtar a éileamh. Baineann an díolúine seo le hionstraimí a fhorghníomhaítear ar an 1 Eanáir 2019 nó dá éis.

Faoiseamh i leith Comhdhlúthú Feirme

Chun an faoiseamh seo a éileamh, ní mór duit a bheith i d’fheirmeoir, is é sin duine aonair nach gcaitheann níos lú ná 50% de do chuid gnáthama oibre i mbun feirmeoireachta.

Má tá tú ag ceannach mar chomh-úinéir, ní gá ach do dhuine agaibh a bheith in bhur bhfeirmeoir.

Ní mór duit:

  • talamh a dhíol agus talamh eile a cheannach chun do ghabháltas a chomhdhlúthú taobh istigh de 24 mí
  • agus
  • deimhniú um chomhdhlúthú eisithe ag Teagasc a bheith agat.

Freisin, ní mór go mbeadh sé i gceist agat:

  • úinéireacht a choinneáil ar an talamh
  • agus
  • an talamh a úsáid le haghaidh feirmeoireachta ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón dáta a éilíonn tú an faoiseamh.

Ní mór na hionstraimí a chuireann an díol agus an ceannach i bhfeidhm a fhorghníomhú ar an 1 Eanáir 2018 nó dá éis agus roimh an 31 Nollaig 2025.

Íocann tú Dleachta Stampála ar an difríocht idir praghas díola an talamh agus an praghas ar cheannaigh tú talamh eile.

Faoiseamh i leith léasanna talún feirme

Chun an faoiseamh seo a éileamh, ní mór duit:

  • cáilíocht shonraithe a bheith agat nó ceann a fháil taobh istigh de 4 bliana ó dháta an léasa
  • ar a laghad 50% de do chuid ama a chaitheamh i mbun feirmeoireachta ar an talamh (an t-aistriú talún seo san áireamh).

Ní mór don léas:

  • a fhorghníomhú ar an 1 Iúil 2018 nó dá éis
  • agus
  • a bheith le haghaidh tréimhse 6 bliana ar a laghad ach nach faide ná 35 bliain.

Cúnamh Stáit de chuid an AE is ea an faoiseamh. Cuireann sé seo teorainn ar shuim an fhaoisimh a fhéadtar a éileamh.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an rannán Treoir bhreise.

Ar aghaidh: Aistrithe idir céilí agus idir páirtnéirí sibhialta