Dleachta Stampa ar chártaí airgeadais

Cártaí UMB, dochair agus comhchártaí

An ráta le haghaidh cártaí uathmheaisíní bainc (UMB) ná €0.12 le haghaidh gach aistarraingt UMB suas le huasmhéid €2.50 ar gach cárta.

Níl aon táille i gceist mura n-úsáidtear ach an fheidhm dochair sa bhliain.

An ráta le haghaidh comhchártaí (UMB & dochair) ná €0.12 in aghaidh na haistarraingthe UMB suas le huasmhéid €2.50 in aghaidh an chárta nuair nach n-úsáidtear ach an fheidhm UMB le linn na bliana.

An ráta le haghaidh an dá fheidhm a úsáid le linn na bliana ná €0.12 le haghaidh gach aistarraingt UMB suas le huasmhéid €5.00 ar gach cárta.

Tagann Dleacht Stampa aníos ar an gcárta agus bailítear mar riaráiste é. Bainfear an Dleacht Stampa le haghaidh na bliana ó do chuntas ar an 31 Nollaig don bhliain sin.

Má úsáideann tú do chárta chun aistriú airgid a dhéanamh nó chun cistí a aistarraingt, gearrfar Dleacht Stampa ort.

Ní bheidh an dara táille Dleachta Stampa i gceist nuair a athraíonn tú ó chuntas amháin go cuntas eile laistigh d’institiúidí nó idir institiúidí in aon bhliain amháin. Tá sé seo i gceist ar an gcoinníoll go ndúnann tú do sheanchuntas.

Má dhúnann tú do chuntas roimh an 31 Nollaig, ní bhainfidh eisitheoir do chárta an Dleacht Stampa ó do chuntas. Ní bhailítear an dleacht ach amháin ar chártaí atá bailí ar 31 an Nollaig gach bliain.

Mura n-úsáideann tú do chárta le linn na bliana, ní bhainfear an Dleacht Stampa.

Sa chás gur cárta é le haghaidh cuntas taisce agus nach sáraíonn an meán-iarmhéid laethúil €12.70, ní ghearrfar an Dleacht Stampa.

Ní ghearrfar Dleacht Stampa mura mbaineann tú úsáid as an gcárta ach amháin le haghaidh an mhéid seo:

  • chun seicleabhar a iarraidh
  • ráiteas comhordaithe a iarraidh
  • d’aitheantas a dheimhniú
  • chun uimhir cuntais custaiméara a dheimhniú.

Cuntais bhunúsacha íocaíochtaí

Is cuntais iad seo lena bhfuil an méid seo a leanas i gceist leis an sealbhóir cuntais:

  • nach raibh cuntas acu ar feadh na dtrí bliana roimhe
  • nár thionscain aon ghníomhaíochtaí ar an gcuntas don tréimhse sin
  • agus
  • atá ag fáil níos lú ná €4,500 in aghaidh na ráithe (seachas le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh).

Níl aon mhuirear Dleachta Stampa ar chártaí a eisítear ar chuntais bhunúsacha íocaíochtaí.  

Ar aghaidh: Dleachta Stampa ar chártaí airgeadais