Cheannaigh XYZ Teo, cuideachta Éireannach, talamh sa Ghearmáin ó Hans.
In ionad airgead a íoc le Hans don talamh, d'eisigh XYZ Teo scaireanna chuig Hans.
Is sa Ghearmáin a d’fhorghníomhaigh Hans an ionstraim lena n-aistrítear an talamh chuig XYZ Teo.
Ní mór do XYZ Teo Dleacht Stampa a íoc mar gheall go ndearnadh rud éigin in Éirinn. D’eisigh XYZ Teo na scaireanna in Éirinn.
Ina theannta sin, tá Dleacht Stampa inmhuirir mar gheall go mbaineann an ionstraim le maoin in Éirinn (na scaireanna in XYZ Teo).