Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann tú d'oibleagáidí?

Má theipeann ort na hoibleagáidí atá leagtha amach ag an Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC) a chomhlíonadh, d'fhéadfaí na pionóis seo a leanas a ghearradh ort:

  • Mura n-oibrítear an tobhach, d'fhéadfaí pionós €4,000 a ghearradh ar gach loiceadh.
  • Mura ndéantar tuairisceán a thíolacadh, nó tuairisceán déanach a thíolacadh, d'fhéadfaí pionós nach mó ná €4,000 a ghearradh i ndáil le gach loiceadh.
  • Mura gcuirtear na cáipéisí riachtanacha ar fáil, d'fhéadfaí pionós nach mó ná €500 a ghearradh maidir le gach loiceadh cinnte.
  • agus
  • D'fhéadfaí pionós €3,000 a ghearradh mura gcoinnítear taifid.

Féadfaidh sé go ngearrfar pionóis €4,000 ort freisin i leith:

  • éilimh mhíchearta nó chalaoiseacha a dhéanamh ar aisíocaíochtaí an TTLC
  • éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht TTLC i ndáil le coincréit réidh le doirt nach n-úsáidtear i monarú táirgí coincréite réamhtheilgthe
  • dearbhú bréagach, mícheart nó míthreorach a dhéanamh i leith an TTLC.

Iomprófar ús, in aghaidh aon lae, nó cuid de lá, ón dáta a thiocfaidh an tobhach chun bheith dlite, go dtí go n-íocfar é. Is é an ráta úis infheidhmithe maidir le dliteanais TTLC ná 0.0219% in aghaidh an lae.