Oibleagáidí maidir le taifid a choinneáil agus an reachtaíocht

Féadfaidh duine inmhuirir soláthar a dhéanamh, a bhaineann le haistriú úinéireachta de tháirge coincréite trí dhíol nó trí chomhaontú. Más amhlaidh an cás, ní mór don duine inmhuirir doiciméad a eisiúint chuig an duine lena dhéantar an soláthar, ina sonrófar:

  • méid an tobhaigh a chuirtear i bhfeidhm ar na táirgí coincréite
  • dáta soláthair na dtáirgí coincréite faoi dhliteanas
  • agus
  • ainm an duine inmhuirir.

I gcás ina mbaineann soláthar le sannadh, nó le húsáid táirge coincréite, ní mór don duine inmhuirir taifead a choinneáil de na nithe seo a leanas:

  • méid an tobhaigh a chuirtear i bhfeidhm ar an táirge
  • agus
  • dáta soláthair an táirge coincréite.

Ní mór taifid a choinneáil ar feadh sé bliana ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

Áirítear le liosta neamh-uileghabhálach de thaifid atá le coinneáil:

  • doiciméid a sholáthar amhail sonraisc, taifid seachadta agus ceannacháin
  • faisnéis shonrach faoi tháirgí coincréite chun gur féidir táirgí a shainaithint
  • Luach Margaidh Oscailte (LMO) na dtáirgí coincréite
  • tobhaigh a ríomh do thréimhse chuntasaíochta
  • na doiciméid a chuirtear ar fáil do cheannaitheoirí
  • agus
  • na dearbhuithe a rinne monaróirí táirgí coincréite réamhtheilgthe chuig soláthraithe coincréite réidh le doirt.