Stórasú fiachais

Fiachas stórasaithe a aisíoc - 1 Bealtaine 2024

I mí Dheireadh Fómhair 2022, chuir na Coimisinéirí Ioncaim síneadh leis an dáta chun fiachas stórasaithe a aisíoc ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 1 Bealtaine 2024.

Ar an 1 Bealtaine 2024, táthar ag súil go ndéanfaidh custaiméirí an méid seo a leanas:

  • a bhfiachas stórasaithe a íoc ina iomláine
  • teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chun socrú íocaíochta a dhéanamh chun an fiach a íoc thar thréimhse chomhaontaithe ama.

Príomhghníomhaíochtaí atá le déanamh anois

Tabhair do d'aire

Rinne roinnt gnóthaí teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim le mí anuas ach níor chuir siad togra foirmeálta tráthíocaíochtaí isteach sa deireadh. Má chuirtear togra isteach roimh an gCéadaoin seo chugainn (15 Bealtaine) cuirfear téarmaí na scéime stórasaithe fiachais, lena n-áirítear an t-ús 0%, i bhfeidhm ar an bplean íocaíochta sin.

Roghanna íocaíochta

Tá roinnt roghanna ar fáil chun fiachas stórasaithe a íocaiocht ag brath ar chúinsí agus ar fhiachas amuigh, lena n-áirítear:

  1. Íoc anois go hiomlán, nó go páirteach, trí bhealaí íocaíochta ar líne
  2. Cuir tús le híocaíochtaí anois trí Socrú Tráthíocaíochtaí (PPA)
  3. Socrú íocaíochta a chomhaontú anois agus tús a chur le híocaíochtaí míosúla ón 1 Bealtaine 2024
  4. Déan iarratas ar PPA comhdhlúite anois má tá PPA reatha agat le haghaidh cánacha eile
  5. Iarratas chun éilimh inaisíoctha amhail Cáin Bhreisluacha (CBL) a fhritháireamh in aghaidh fiachas stórasaithe ar bhonn leanúnach.

Iarratas a dhéanamh ar PPA trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Chun iarratas a dhéanamh ar PPA trí ROS, lean na céimeanna thíos: 

  • Sínigh isteach ar ROS
  • agus
  • Cliceáil ar an nasc 'Socraíocht Tráthíocaíochtaí (PPA)' ón rannán 'Seirbhísí Eile'.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach An chaoi le hiarratas a dhéanamh ar PPA.

Tabhair do d’aire

Níl na PPA ar fáil ach amháin le haghaidh suimeanna níos mó ná €500 agus ní mór gach tuairisceán cánach a thíolacadh sula ndéanann tú iarratas ar PPA.

Ar aghaidh: Leasuithe ar an Scéim Stórasaithe Fiachais, 5 Feabhra 2024