Dochar díreach míosúil

Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ)

Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim íocaíochtaí trí dhochar díreach le haghaidh CMÁ ar an gcúigiú lá déag den mhí, nó ar an chéad lá oibre eile ina dhiaidh. Ní fhéadtar dáta asbhainte éagsúil a roghnú. Is é méid do dhochar díreach ná an dliteanas bliantúil CMÁ, roinnte ar líon na míonna den bhliain atá fágtha.

Dochar díreach CMÁ a bhunú

Féadtar dochar díreach CMÁ do do mhaoin a bhunú trí rochtain a fháil ar an gcóras CMÁ ar líne. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit, Uimhir Aitheantais Maoine agus UAP a bheith agat le haghaidh do mhaoine.

Féadtar do chuid dochar díreach CMÁ a bhainistiú trí moChúrsaí. Ní bheidh gá le hUimhir Aitheantais na Maoine ná an UAP chun é seo a dhéanamh.

Tá foireann ar an líne chabhrach dochair dhírigh a dhíríonn ar chabhrú leis seo a shocrú.

Dochar díreach CMÁ a leasú

Ní fhéadtar Dochar díreach CMÁ a leasú nó a chur ar ceal. Féadtar, áfach, do chuid sonraí bainc a athrú trí CMÁ ar líne nó trí moChúrsaí.

Dochar díreach CMÁ a chur ar ceal

Féadtar do dhochar díreach don CMÁ a chur ar ceal ag am ar bith tríd an gcóras CMÁ ar líne nó trí moChúrsaí.

Má dhéantar cinneadh dochar díreach don CMÁ a chur ar ceal, ní mór rogha íocaíochta eile a roghnú in áit sin.

Tuairisceáin CMÁ

Más custaiméir thú a íocann trí dhochar díreach, tabharfar do thuairisceán agus do threoir dochair dhírigh ar aghaidh gach bliain.

Cuirfidh muid litir dheimhnithe chugat sula mbaileofar an chéad dochar díreach, ina ndeimhnítear an méid míosúil:

  • má chruthaíonn tú dochar díreach
  • má leasaíonn tú dochar díreach
  • má athraíonn d'Údarás Áitiúil an ráta a ghearann siad le haghaidh CMÁ.

Íocaíochtaí dochair dhírigh CMÁ caillte nó gan íoc

Féadfaidh sé go gcuirfidh do bhanc d’íocaíocht ar ais mar íocaíocht ‘neamhíoctha’. Cuirfear litir amach chun thú a chur ar an eolas nár éirigh leis an íocaíocht.

Is tusa atá freagrach as an íocaíocht chaillte a íoc. Féadtar an íocaíocht chaillte a íoc:

Féadtar do threoir reatha dochair dhírigh a chur ar ceal agus ceann eile a shocrú chun an íocaíocht a cuireadh ar ceal a chur san áireamh.

Féadann muid thú a bhaint ón scéim dochair dhírigh nuair nach n-íoctar íocaíochtaí dochair dhírigh.

Íocaíochtaí dochair dhírigh d’úinéirí a bhfuil níos mó ná maoin amháin acu

Féadtar dochar díreach a shocrú chun íoc as maoine éagsúla in aon asbhaint mhíosúil amháin. Féadtar an dochar dhíreach do na maoine sin a bhainistiú tríd an gcóras CMÁ ar líne nó trí moChúrsaí.

Féadfaidh sé go ndíolfaidh tú ceann de do chuid maoin. Má dhéanann tú é sin, ní mór do threoir reatha dochair dhírigh a chur ar ceal agus ceann eile a shocrú do na maoine atá fágtha.

Riaráistí CMÁ

Féadfaidh tú CMÁ a bhí dlite i mbliain roimhe sin a íoc trí dhochar díreach. Ní mór gach ceann de na blianta a chur ar bun ar leithligh agus a threoir íocaíochta féin a bheith aige.

Ar aghaidh: Cáin Ioncaim Fostóra