Stádas imréitigh cánach a fhíorú

  1. Léargas ginearálta
  2. Stádas imréitigh cánach a fhíorú trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  3. Stádas imréitigh cánach a fhíorú trí Government Networks

Stádas imréitigh cánach a fhíorú trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Chun Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid, ní mór deimhniú digiteach ROS gníomhach a bheith agat. Feicfidh tú ‘Imréiteach cánach a fhíorú’ sa chluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ in ROS.

Féadfaidh tú stádas duine aonair amháin nó gnóthas amháin nó níos mó a fhíorú ag an am céanna. Má fhíoraíonn tú roinnt cásanna go rialta, ba chóir duit an rogha uaslódála bulc a úsáid. Féach Electronic tax clearance verification le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcaoi leis an rogha uaslódála bulc a úsáid.

Cén chaoi le stádas imréitigh cánach a fhíorú

Má tá tú cláraithe le haghaidh (ROS), féadtar teacht ar an tseirbhís ach an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ a oscailt agus ansin ‘Fíoraigh Imréiteach Cánach’.

I gcásanna aonair:

  1. Cuir isteach an Uimhir Tagartha Cánach agus Uimhir Rochtana Imréitigh an cháis.
  2. Cliceáil ar ‘Cuir leis’.
  3. Roghnaigh ‘Fíoraigh’.

I gcásanna builc:

  • cliceáil ar ‘Uaslódáil’
  • agus
  • roghnaigh ‘Fíoraigh’.

Ar aghaidh: Stádas imréitigh cánach a fhíorú trí Government Networks