Naisc agus acmhainní

Póstaer do Ghníomhaíocht Chánach na Sraithe Sóisearaí

I gcomhar le Oide, tá póstaer Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí forbartha ag na Coimisinéirí Ioncaim le húsáid sa seomra ranga. Nascann an póstaer le torthaí foghlama Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí.

Tax in action Image_GA JPEG

Taxedu

Is tionscadal píolótach de chuid an Aontais Eorpaigh é TAXEDU. Is é is cuspóir leis ná oideachas a chur ar shaoránaigh óga na hEorpa maidir le cáin agus an chaoi a théann sé i bhfeidhm ar a saol.

Oide

Is seirbhís tacaíochta í Oide do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, arna maoiniú ag an Roinn Oideachais, a bunaíodh ó chomhtháthú ceithre sheirbhís tacaíochta reatha agus a seoladh ar an 1 Meán Fómhair 2023.

COGG

Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Airteagal 31 den Acht Oideachais 1998. Bhí sé seo mar thoradh ar fheachtas faoi stiúir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. Bhunaigh sé struchtúr chun freastal ar riachtanais oideachais scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.

BSTAI

Is cumann é an BSTAI do mhúinteoirí uile na n-ábhar Gnó in iar-bhunscoileanna na hÉireann. Ina measc seo tá Cuntasaíocht, Eacnamaíocht, Staidéar Gnó agus Gnó.