Nótaí an Mhúinteora

  1. Cén chaoi leis an modúl seo a úsáid
  2. Réamhrá

Cén chaoi leis an modúl seo a úsáid

Tá réimse ábhar saor in aisce sa mhodúl 'Bunchúrsa Cánach', lena n-áirítear:

  • Cur i láthair PowerPoint.
  • Pleananna ceachta.
  • Gníomhaíochtaí Scoláire.
  • Leabhráin na bhfreagraí.
  • Aon ábhair fhorlíontacha bhreise.
  • Ceistneoirí atá le déanamh roimh agus i ndiaidh na modúil.

Tá pleananna ceachta mionsonraithe san áireamh do gach aonad. Tuigeann na Coimisinéirí Ioncaim, áfach, go bhfuil gach scoláire uathúil. Dá bhrí sin, moltar do mhúinteoirí athbhreithniú a dhéanamh ar na hábhair aonaid sula múineann siad an t-aonad chun deis a thabhairt dóibh na hábhair a chur in oiriúint dá rang.

Bheadh nasc idirlín ina bhuntáiste ach níl sé riachtanach. I gcás nach bhfuil nasc idirlíon ar fáil, cuirtear cleachtaí eile ar fáil ach amháin i gcás roinnt ábhar bhreise in Aonad 5.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil linn ag taxeducation@revenue.ie.

Féinmheasúnú

Níl scrúdú do scoláirí sa mhodúl. Déantar measúnú ar scoláirí tar éis dóibh dialann foghlama a chomhlánú chomh maith lena rannpháirtíocht sa rang.

Deimhniú Críochnaithe

Tá Deimhniú Críochnaithe ar fáil do scoláirí trí iarratas a sheoladh chuig taxeducation@revenue.ie. Bí cinnte d’ainm iomlán agus uimhir rolla na scoile a chur san áireamh. Ba chóir go mbeadh ar a laghad 3 cinn de na 8 n-aonad críochnaithe ag scoláirí chun an deimhniú a fháil.

Ar aghaidh: Nótaí an Mhúinteora