Ríomhnascadh le gníomhaire agus comhairleoir

Sheol na Coimisinéirí Ioncaim feidhmchlár ríomhnasctha gníomhaire agus comhairleoir nua a chuaigh beo ag deireadh mhí an Mhárta 2025.  Cuirfidh an feidhmchlár seo feabhas ar shlandáil dhigiteach trí chleachtóirí agus a gcliaint araon a chosaint ó bhradaíl aitheantais.

Bunóidh an feidhmchlár ríomhnasctha gníomhaire córas ceadaithe digiteach do chustaiméirí na gCoimisinéirí Ioncaim atá:

  • cláraithe le haghaidh
  • agus
  • gníomhach ar chórais ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.

Seolfar Iarratas ar Nasc Gníomhaire chuig custaiméirí anois chun é a cheadú nó a dhiúltú i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí.

Nuair a thíolacann gníomhaire Iarratas ar Nasc Gníomhaire, cuirfear in iúl don chustaiméir trí ríomhphost go bhfuil comhfhreagras ó na Coimisinéirí Ioncaim faighte acu. Ní mór do chustaiméirí logáil isteach ar ROS nó moChúrsaí chun Iarratas ar Nasc Gníomhaire a cheadú nó a dhiúltú.

Glacadh leis an iarratas trí moChúrsaí

Féadfaidh custaiméirí glacadh leis an iarratas a thíolaic gníomhaire trí moChúrsaí trí na céimeanna seo a leanas a chomhlánú:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar 'M'Fhiosruithe' atá sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin.
  3. In M'Fhiosruithe, roghnaigh an M'Fhiosrú a Thionscain na Coimisinéirí Ioncaim dar teideal iarratas ar "Nasc Gníomhaire-Cliant".
  4. Treorófar iad chuig leathanach sonraí an Iarratais ar Nasc Gníomhaire áit ar féidir leo athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis an naisc.
  5. Is féidir leis an gcustaiméir a roghnú ansin an tIarratas ar Nasc a cheadú nó a dhiúltú. 

ButtonInline

Glacadh leis an iarratas trí ROS

Féadfaidh custaiméirí glacadh leis an iarratas chun nasc a dhéanamh le gníomhaire trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a usáid trí na céimeanna seo a leanas a chomhlánú:

  1. Logáil isteach ar ROS.
  2. Roghnaigh an cluaisín 'Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim' ar bharr an scáileáin.
  3. In san mBosca Isteach ROS, roghnaigh an doiciméad de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim "Faomhadh Nasc Gníomhaire".
  4. Treorófar iad chuig leathanach sonraí an Iarratais ar Nasc Gníomhaire áit ar féidir leo athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis an naisc.
  5. Is féidir leis an gcustaiméir a roghnú ansin an tIarratas ar Nasc a cheadú nó a dhiúltú. 

ButtonInline

Pasfhocail Dearmadta

Má tá dearmad déanta ag custaiméirí ar a bpasfhocal, is féidir ceann acu seo a leanas a roghnú:

  • An ndearna tú dearmad ar do phasfhocal do moChúrsaí? le haghaidh moChúrsaí
  • Athshocraigh an Logáil Isteach do Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) le haghaidh ROS.