Scéim Easpórtála Miondíola

Deimhniú easpórtála

Céard is Deimhniú Easpórtála ann?

Is éard is Deimhniúchán ann ná nuair a stampálann Oifigeach Custam do dhearbhán easpórtála, ar dearbhán é, má eisíodh sa Stát é, nach mór luach nach lú ná €75 a bheith air, atá stampáilte ag Oifigeach Custam. Is é cuspóir an deimhniúcháin ná fianaise a sholáthar don mhiondíoltóir nó gníomhaire aisíocaíochta gur fhág na hearraí an tAontas Eorpach (AE) de réir théarmaí na scéime easpórtála miondíola. Féadfaidh Custaim sa Stát seo an deimhniú seo a sholáthar, nó Oifigigh Custam sa Bhallstát imeachta ón AE.

Tá sé seo tábhachtach a thabhairt do d’aire gurb é an deimhniú seo an fhianaise riachtanach ar easpórtáil a cheadaíonn aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) ar earraí cáilitheacha a dhéanamh leis an turasóir nó leis an taistealaí. Is í seo an fhianaise atá ag teastáil chun táillí iníoctha a cheadú i ndáil le haon seirbhísí easpórtála curtha ar fáil ag gníomhaire aisíocaíochta leis an turasóir nó an taistealaí a ghearradh ag an ráta nialasach CBL.

Deimhniú ó Chustaim na hÉireann

Nuair a bhíonn turasóir nó taistealaí atá ag imeacht ón Stát ag éileamh aisíocaíochta CBL a íocadh go díreach ón miondíoltóir, féadtar an dearbhán lascaine, seachas i gcás earraí a bhfuil luach ard orthu, a chur sa bhosca fágála Custam suite sna Teirminéil Fágála. Cuirfear an dearbhán easpórtála, nuair a dheimhnítear é, ar ais chuig an miondíoltóir chun ligean don mhiondíoltóir an aisíocaíocht CBL a phróiseáil don turasóir nó don taistealaí.

Nuair a bhíonn turasóir nó taistealaí ag éileamh aisíocaíochta CBL a íocadh trí ghníomhaire aisíocaíochta, ní mór an turasóir nó an taistealaí, seachas i gcás earraí a bhfuil luach ard orthu, na dearbháin lascaine a sholáthar don ghníomhaire aisíocaíochta. Cuirfidh an gníomhaire aisíocaíochta na dearbháin lascaine i láthair chuig Custaim lena ndeimhniú.

Ní mór don turasóir nó an taistealaí gach earra a bhfuil luach ard air a thíolacadh don Oifigeach Custam, leis an dearbhán lascaine, lena dheimhniú.

Maidir le hearraí, seachas earraí a bhfuil luach ard orthu, a ceannaíodh sa Stát, deimhneoidh Custaim na hÉireann an dearbhán easpórtála fiú murach é an Stát an pointe imeachta deiridh ón AE.

Tá sé seo faoi réir fianaise i leith an mhéid seo:

  • go bhfuil ticéad taistil ag an turasóir nó ag an taistealaí do cheann scríbe taobh amuigh den AE
  • agus
  • go bhfuil an ticéad taistil bailí tráth nach déanaí ná deireadh na tríú míosa ón dáta a ceannaíodh na hearraí.

Féadfaidh Custaim aon earraí cáilitheacha a iniúchadh mar chuid den phróiseas deimhniúcháin. Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh turasóir nó taistealaí in ann na hearraí sin a chur i láthair do Chustaim, má iarrtar orthu é sin a dhéanamh. Mura bhfuil Oifigigh Custam sásta maidir le bailíocht aon dearbháin nó admhála easpórtála, seolfar ar ais chuig an turasóir nó chuig an taistealaí é gan é a bheith stampáilte.

Ar aghaidh: Deimhniú easpórtála seachas ag Oifigigh Custam an Stáit