Léargas ginearálta ar scéim CBL FBM an AE

Faoi láthair, féadann Ballstáit a dtairseacha clárúcháin Cánach Breisluacha (CBL) náisiúnta a shocrú laistigh de rialacha an Aontais Eorpaigh (AE). De ghnáth, ní cheanglaítear ar ghnóthaí atá ag feidhmiú faoi bhun na dtairseach seo a dhéanann soláthairtí intíre earraí agus seirbhísí clárú agus cuntas a thabhairt i leith CBL. Féadtar eolas faoi na tairseacha is infheidhme in Éirinn a fháil sa rannán ábhair ghaolmhara.

Go ginearálta, i gcás ina ndéanann trádálaí bunaithe in Éirinn soláthairtí i mBallstát eile, níl aon tairseach de minimis ann. Ní mór dóibh clárú láithreach agus cuntas a thabhairt i leith CBL sa Bhallstát ina dtarlaíonn an soláthar. Ón 1 Eanáir 2025, tabharfaidh an scéim FBM an rogha do na trádálaithe beaga sin leas a bhaint as na tairseacha i mBallstáit eile. Má tá siad incháilithe, ní bheidh ar na gnóthaí seo clárú le haghaidh CBL agus earraí agus seirbhísí á soláthar acu ansin. 

Go ginearálta, chun a bheith incháilithe chun an scéim CBL seo de chuid an AE a úsáid i mBallstát eile, ní mór do ghnó Éireannach:

  • a bheith bunaithe chun críocha CBL in Éirinn amháin,
  • gan tairseach láimhdeachais intíre an Bhallstáit nó na mBallstát eile ina ndéantar soláthairtí a shárú,
  • gan thairseach láimhdeachais an Aontais de €100,000 a shárú,
  • a bheith cláraithe in Éirinn chun an scéim a úsáid (próiseas clárúcháin ar leithligh)
  • agus
  • tuairiscí ráithiúla a thíolacadh nuair a chláraítear iad.

Ní mór do ghnó Éireannach ar mian leo clárú chun an scéim a úsáid i mBallstáit eile iarratas foirmiúil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim in Éirinn.

Tá an scéim seo roghnach. Ní gá do ghnóthaí Éireannacha í a úsáid le haghaidh soláthairtí i mBallstáit eile. Leanfaidh gnáthrialacha CBL do ghnóthaí nach mbaineann úsáid as an scéim seo de bheith i bhfeidhm. 

Ní gá do ghnóthaí Éireannacha atá ag feidhmiú na scéime FBM in Éirinn faoi láthair dá n-idirbhearta intíre clárú le haghaidh CBL. Féadann siad rogha a dhéanamh é sin a dhéanamh, áfach. Ní thiocfaidh athrú ar seo.

Maidir le fiosruithe a bhaineann leis an scéim seo, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim: