Arán agus táirgí bácúis

Cé na rátaí CBL a ghearrtar ar arán?

Féadfaidh soláthar aráin a bheith faoi dhliteanas Cánach Breisluacha (CBL) ag an ráta nialasach nó an ráta laghdaithe.

Maidir le soláthar aráin a chomhlíonann an sainmhíniú ar chomhábhar faoin reachtaíocht ar CBL, tá sé faoi dhliteanas CBL ag an ráta nialasach. De ghnáth ní chomhlíonann táirgí aráin, amhail arán gairleoige, arán oinniúin agus arán finéil, sainmhíniú an chomhábhair i leith aráin. Mar sin, féadfaidh siad a bheith faoi dhliteanas CBL ag an ráta laghdaithe.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL ar arán le fáil sa rannán Treoir bhreise.

Cé na rátaí CBL a bhaineann le táirgí bácúis?

Maidir le soláthar táirgí bácúis, ar táirgí iad atá bunaithe ar phlúr nó ubh, tá siad faoi dhliteanas CBL ag an ráta laghdaithe.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le bia agus deoch le fáil sa rannán Ábhair ghaolmhara.