Gealltóireacht agus cearrbhachas

Gealltóireacht, seirbhísí gealltóireachta agus crannchuir

Tá na geallta seo a leanas, atá faoi réir Dleachta Gealltóireachta, díolmhaithe ó Cháin Bhreisluacha (CBL):

  • Geallta déanta ag geallghlacadóirí.
  • Geallta déanta ag geallghlacadóirí ar mhodh cianda.

Tá na geallta seo a leanas, atá díolmhaithe ó Dhleacht Gealltóireachta, díolmhaithe ó CBL:

  • Geallta a rinneadh le linn, agus ag, ráschruinniú a tionóladh ag ráschúrsa údaraithe.
  • Geallta a rinneadh le linn cruinniú con.
  • Geallta suimitheora a nglactar leo in áitreabh cláraithe do Rásaíocht Capall Éireann nó do Bhord na gCon agus thar a gceann.

Tá eisiúint ticéad nó cúpón chun críche crannchuir díolmhaithe ó CBL. Tá ticéid biongó agus ticéid raifil díolmhaithe ó CBL freisin.

Tá tuilleadh eolais ar chánachas CBL maidir le gealltóireacht, seirbhísí gealltóireachta cianda agus crannchuir sa rannán Treoir bhreise.

Cearrbhachas, meaisíní cearrbhachais agus meaisíní siamsaíochta

Tá soláthar seirbhísí cearrbhachais faoi dhliteanas CBL ag an ráta caighdeánach. Tá imirt meaisíní cearrbhachais agus meaisíní siamsaíochta faoi dhliteanas CBL ag an ráta caighdeánach.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le cearrbhachas, meaisín cearbhachais agus meaisín siamsaíochta sa rannán Treoir bhreise.

Seirbhísí ríomhChearrbhachais

Tá soláthar seirbhísí ríomhChearrbhachais faoi dhliteanas CBL ag an ráta caighdeánach.

Cinntear an chaoi a gcaitear le seirbhísí ríomhChearrbhachais do thomhaltóirí de réir na háite ina bhfuil an tomhaltóir:

  • bunaithe
  • ina bhfuil buanseoladh acu
  • ina bhfuil gnáthchónaí orthu.

Tá ríomhsheirbhísí ríomhchearrbhachais díolmhaithe gan in-asbhainteacht i roinnt Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh.

Tá tuilleadh eolais ar chánachas CBL maidir le seirbhísí ríomhChearrbhachais le fáil sa rannán Treoir bhreise.