Foilseacháin leictreonacha

Ráta nialasach CBL

Ón 1 Eanáir 2023, feidhmítear an ráta nialasach Cánach Breisluacha (CBL) le ríomhnuachtáin seachas:

  • ríomhnuachtáin atá go hiomlán nó den chuid is mó tiomanta don fhógraíocht
  • agus
  • ríomhnuachtáin atá go hiomlán nó den chuid is mó déanta suas de cheol inchloiste nó ábhar físe.

Roimh an 1 Eanáir 2023, feidhmíodh an dara ráta laghdaithe CBL ar ríomhnuachtáin.

Ón 1 Eanáir 2024, feidhmítear an ráta nialasach CBL ar ríomhleabhair agus closleabhair.

An dara ráta laghdaithe CBL

Feidhmítear an dara ráta laghdaithe CBL le foilseacháin áirithe leictreonacha. I measc na bhfoilseachán leictreonach tá ríomhthréimhseacháin áirithe, chomh maith le foilseachán leictreonach díobh seo a leanas:

  • bróisiúir, bileoga eolais agus cláir
  • leabhair pictiúir, tarraingthe nó daite le haghaidh leanaí
  • ceol priontáilte i bhformáid lámhscríbhinne
  • léarscáileanna, cairteacha hidreagrafacha agus cairteacha den chineál céanna
  • agus
  • catalóga, lena n-áirítear eolairí agus ábhar clóite den chineál céanna.

Roimh an 1 Eanáir 2024, bhí an dara ráta laghdaithe CBL i bhfeidhm ar ríomhleabhair agus ar chlosleabhair.

Tá tuilleadh eolais ar chánachas CBL maidir le foilseacháin leictreonacha le fáil sa rannán Treoir breise.