Féadfaidh sé go bhfuil tú ag úsáid brabhsálaí atá as dáta. Chun taithí níos fearr a fháil déan nuashonrú ar do bhrabhsálaí.

Soláthairtí seirbhísí do chustaiméirí neamhghnó taobh amuigh den AE (Gnólacht le tomhaltóir)

Tá eisceachtaí áirithe do na rialacha ginearálta ar áit an tsoláthair do sheirbhísí.

Má soláthraítear na seirbhísí seo a leanas do chustaiméirí neamhghnó a bunaíodh taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE), measfar áit an tsoláthair a bheith taobh amuigh den AE. Go ginearálta, níl aon Cháin Bhreisluacha (CBL) na hÉireann le gearradh ar:

  • aistrithe agus sannacháin chóipcheart, paitinní, ceadúnas, trádmharcanna agus cearta cosúla
  • seirbhísí fógraíochta
  • seirbhísí sainchomhairleoirí, innealtóirí, gnóthas sainchomhairleoireachta, dlíodóirí, cuntasóirí agus seirbhísí eile den chineál sin, chomh maith le próiseáil sonraí agus soláthar faisnéise
  • dualgais staonadh ó ghníomhaíocht ghnó nó ceart, a leanúint nó a chomhlíonadh go hiomlán nó i bpáirt
  • idirbhearta baincéireachta, airgeadais agus árachais lena n-áirítear athárachas, seachas fruiliú taisceadán
  • soláthar foirne
  • fruiliú maoine inaistrithe inláimhsithe cé is moite de gach modh iompair
  • rochtain a sholáthar, ar iompar nó ar tharchur, trí chórais gáis nádúrtha agus córais dáilte leictreachais. Tá soláthar seirbhísí eile atá bainteach leo go díreach san áireamh anseo
  • seirbhísí teileachumarsáide
  • seirbhísí craolta raidió agus teilifíse
  • agus
  • seirbhísí curtha ar fáil go leictreonach.

Tá áit an tsoláthair do chuid de na seirbhísí seo faoi réir na bhforálacha úsáid agus tairbhiú.

Stádas incháinithe do chustaiméara a fhíorú

Ní mór duit cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil an custaiméir bunaithe taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE). Ní mór duit an t-eolas a thugann an custaiméir duit a fíorú. Féadfar seiceálacha réamhúdaracháin cárta creidmheasa a dhéanamh chun an seoladh a ghabhann le huimhir chárta a dheimhniú.